Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 90
Seachtain #ThinkLanguages
21,000 Scoláire
240+ Scoil
Gníomh: 3.A.1
14 IA
13 Phictiúrlann
4 Institiúid Chultúrtha
Léargas ginearálta:
Ceiliúradh bliantúil Idirbhliana ar theangacha agus ar chultúir is ea #ThinkLanguages, arna éascú ag TIBÉ. Ó
seoladh í in 2018, tá an fhéile tar éis leathnú gach bliain, le rannpháirtíocht mhéadaitheach ó scoileanna,
comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara pobail. In 2025, lean an ócáid ar aghaidh mar cheiliúradh
seachtaine, lenar cuireadh ceardlanna idirghníomhacha, cainteanna spreagúla, quizeanna agus
gníomhaíochtaí cultúrtha ar fáil ar fud na tíre.
Príomhaidhmeanna:
• Ceiliúradh a dhéanamh ar theangacha ar fud scoileanna, institiúidí ardoideachais, agus eagraíochtaí
comhpháirtíochta náisiúnta.
• Tacú le múinteoirí luach na dteangacha laistigh den seomra ranga agus lasmuigh de a thaispeáint.
• Scoláirí na hidirbhliana a mhealladh agus a spreagadh ach aird a tharraingt ar theangacha ina bpobail
áitiúla agus i gcomhthéacsanna domhanda.
• Cuimsiú agus feasacht a chur chun cinn ar na buntáistí pearsanta, sóisialta, cultúrtha agus gairmiúla a
bhaineann le foghlaim teangacha.
• Scoláirí a spreagadh chun teangacha a roghnú sa tSraith Shinsearach agus leanúint ar aghaidh leo san
oideachas tríú leibhéal.
• Naisc idir scoileanna agus a bpobail i gcoitinne a neartú chun feasacht ar scileanna teanga a ardú.
Gníomhaíocht:
Anois agus an fhéile san ochtú bliain dá cuid, reáchtáladh Seachtain #ThinkLanguages i scoileanna,
ollscoileanna agus ionaid eile ar fud na tíre ón 17 - 21 Samhain 2025. Bhí os cionn 240 scoil páirteach san
imeacht suaitheanta, agus rinne os cionn 21,000 scoláire Idirbhliana ceiliúradh ar theangacha agus cultúir ina
scoil agus ina gceantar féin.
Acmhainní agus Tacaíocht do Mhúinteoirí
Reáchtáladh dhá sheisiún eolais ar líne do mhúinteoirí i mí Mheán Fómhair agus dhá Phobal Cleachtais i mí
Dheireadh Fómhair chun ionchur agus tacaíocht a chur ar fáil maidir le bainistíocht tionscadail na féile i
scoileanna, chomh maith le deis a thabhairt chun smaointe agus eispéiris ó fhéilte roimhe seo a roinnt.
Roinn Comhlaigh TIBÉ a n-eispéiris #ThinkLanguages agus threoraigh siad múinteoirí nua agus múinteoirí a
bhí ag olleadh le leideanna maidir le conas an ócáid a reáchtáil go rathúil ina scoileanna. D'fhreastail 84
rannpháirtí ar na seisiúin faisnéise agus d'fhreastail 59 ar na Pobail Chleachtais. Dóibh siúd nach raibh in ann
freastal ar na cruinnithe seo, roinneadh sraith físeán #ThinkLanguages, Leideanna do Mhúinteoirí ar líne.
Reáchtáladh clár iomlán cumarsáide le scoileanna ó Lúnasa go Nollaig trí shuíomh gréasáin Languages
Connect, cainéil na meán sóisialta, grúpa tiomnaithe Facebook, agus comhfhreagras ríomhphoist leanúnach
a thugann eolas maidir le spriocdhátaí clárúcháin, tairiscintí comhpháirtithe, infhaighteacht acmhainní agus
sonraí an chomórtais. Cuireadh pacáistí tosaigh clóite chuig na scoileanna rannpháirteacha lena n-áirítear
90
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -