Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 91
lámhleabhar agus póstaeir bholscaireachta. Chomh maith leis sin, fuair siad trealamh iomlán don imeacht a
bhí saincheaptha do líon na scoláirí rannpháirteacha sa scoil.
Searmanas Oscailte
Cruthaíodh físeán nua Searmanas Oscailte #ThinkLanguages in 2025 ina bhfuil meascán spreagúil de
chainteoirí ag caint faoina n-aistir foghlama teanga agus ag míniú conas a chuir teangacha lena ngairmeacha
beatha agus lena saol i gcoitinne. Bhí TIBÉ i gceannas ar fhorbairt iomlán an tSearmanais Oscailte, Mhúnlaigh
siad an treo cruthaitheach, lena n-áirítear na scéalta a chur ar chlár, scríobh scripteanna, agus cainteoirí a
fháil. Rinne an fhoireann maoirseacht ar gach céim den léiriúchán—ó scannánú go heagarthóireacht—agus
chinntigh siad go raibh an t-ábhar ailínithe le teachtaireachtaí #ThinkLanguages agus Languages Connect.
Bhí ionchuir spreagúla ag Searmanas Oscailte 2025 ó dhaoine i réimsí éagsúla a bhain tairbhe as scileanna
teanga ina saol laethúil. Labhraíonn na láithreoirí Seán Ó Maoilchiaráin agus Laura Pakenham le gach aoi
faoina n-eispéireas agus faoina gcomhairle atá acu maidir le rath a bhaint amach. Roinneann Gráinne Mullins,
bunaitheoir Grá Chocolates a bhfuil duaiseanna buaite acu, roinneann sí an chaoi ar chabhraigh a cuid
scileanna Fraincise lena turas gnó a mhúnlú. Thug Shane Hurley, mac léinn Erasmus, léargas ar a shaol san
Iodáil agus ar an gcaoi ar leathnaigh an Iodáilis a thuiscint ar an saol, agus thug an mac léinn Eleanor Dunne a
dearcadh ar obair thar lear sa Ghearmáin. Chuir an cóitseálaí Ozzy fuinneamh sna scoláirí le roinnt
gluaiseachtaí trí mheán na Portaingéilise, agus rinne Méabh Mc Mahon, Príomhláithreoir Euronews,
machnamh ar an gcaoi ar chuir teangacha ar a cumas taisteal ar fud an domhain agus gairm bheatha a
thógáil san iriseoireacht idirnáisiúnta. Ar deireadh, leag an tionchaire Seapánach-Éireannach Yuji Beleza béim
ar an gcaoi ar chabhraigh teangacha leis cairdeas a chruthú, naisc a thógáil, agus deighiltí cultúrtha a shárú.
Tráth na gCeist Náisiúnta
Éascaíodh tráth na gceist náisiúnta #ThinkLanguages ar líne arís in 2025, le 1,400+ foireann ag glacadh páirte
agus ardleibhéal rannpháirtíochta, ag mealladh rannpháirtíocht ó 5,600 scoláire. Tugann an tráth na gceist
deis do scoláirí agus do scoileanna dul san iomaíocht lena chéile agus i gcoinne an chloig i dtástáil eolais
teangacha. Cuireann gné na hiomaíochta, idir áitiúil agus náisiúnta, le sceitimíní i gcónaí. Bhí an tráth na
gceist ar siúl dhá uair sa lá i rith Sheachtain #ThinkLanguages, rud a thug an tsolúbthacht do scoileanna é a
reáchtáil ag an am is oiriúnaí dóibh.
Smaoinigh go Domhanda, Gníomhaigh go hÁitiúil
Chun tacú le téama uileghabhálach #ThinkLanguages "Smaoinigh go Domhanda, Gníomhaigh go hÁitiúil",
d'fhéach scoileanna ar a bpobail áitiúla chun inspioráid a fháil i gcomhthéacs cuireadh a thabhairt do
chainteoirí dá bhféile #ThinkLanguages. Ghlac daoine aonair ó ghnólachtaí, institiúidí ardoideachais agus
grúpaí pobail ina bhfuil ról ag teangacha páirt i scoileanna ar fud na tíre. Thug Feisirí áitiúla de Pharlaimint na
hEorpa agus ambasadóirí cuairt ar scoileanna chun léargas breise a thabhairt ar na buntáistí a bhaineann le
teangacha iasachta. D'oibrigh roinnt scoileanna le gnólachtaí áitiúla freisin chun leabhair chócaireachta
idirnáisiúnta agus seisiúin foghlama teanga neamhfhoirmiúla a chur ar fáil i gcaiféanna.
Tagann méadú bliain i ndiaidh bliana ar cheardlanna faoi stiúir scoláirí, lena dtugtar cuireadh do scoláirí
léargas a thabhairt dá gcomhscoláirí ar a dteangacha agus a gcultúir bhaile agus oidhreachta féin. Ghlac
roinnt tuismitheoirí agus múinteoirí páirt freisin agus thug siad léargas ar a n-oidhreacht, a gcultúir agus a
dteangacha, lena n-áirítear ceol a sheinm nó earraí traidisiúnta a bhácáil do scoláirí chun iad a bhlaiseadh
agus foghlaim fúthu. I measc na gceardlann agus na ngníomhaíochtaí eile a bhí faoi stiúir áitiúil bhí Teanga
Chomharthaíochta na hÉireann, damhsa Bharatanatyam, bia na hÚcráine agus gairmeacha i dteangacha,
chomh maith le geandáil ghasta teanga, comórtas amhránaíochta 'Teangaifhíse' agus spóirt ó thíortha
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
91