Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 92
éagsúla.
#ThinkLanguages ag Leibhéal Bunscoile
Mar chuid d'iarrachtaí chun leanúint ar aghaidh ag tacú le haidhmeanna an Mhodúil Bunscoile, Cuir Fáilte
Roimh Theangacha agus chun cur le glacadh teangacha san iar-bhunoideachas, cuireadh deis chun cinn do
scoláirí Idirbhliana píosa de #ThinkLanguages a thabhairt do dhaltaí bunscoile áitiúla. Cuireadh treoirlínte
maidir le hullmhú agus forbairt na gcuairteanna san áireamh, agus roinneadh eolas i seisiúin na bPobal
Chleachtais, rud a spreag scoileanna chun é sin a éascú. In 2025, cruthaíodh acmhainn thiomnaithe freisin.
Forbraíodh an acmhainn sin, a dearadh go sonrach do dhaltaí na hIdirbhliana a thugann cuairt ar
bhunscoileanna, chun tacú leis an nasc idir foghlaim teangacha ag an mbunleibhéal agus na deiseanna atá ar
fáil san iar-bhunscoil a neartú, agus ag an am céanna cumhacht a thabhairt do scoláirí Idirbhliana gníomhú
mar ambasadóirí dearfacha teanga. Tugadh leis an acmhainn taisce de smaointe gníomhaíochta simplí,
tarraingteacha, lena n-áirítear cluichí teanga-bhunaithe, agus cleachtaí idirghníomhacha, a d'fhéadfadh
scoláirí Idirbhliana a chur ar fáil i seomraí ranga, ag cabhrú leo an spraoi agus an ábharthacht a bhaineann le
teangacha nua a fhoghlaim a léiriú.
Thapaigh roinnt scoileanna, lena n-áirítear Meánscoil na Toirbhirte, Durlas, Coláiste Pobail Leamhcáin, agus
Coláiste Phort Laoise an deis. Stiúir scoláirí Idirbhliana blas-seisiúin teanga a bhí idir spraíúil agus
idirghníomhach. Trí amhráin tharraingteacha, scéalta agus cluichí mealltacha, fuair daltaí bunscoile buntreoir
spreagúil ar an spraoi a bhaineann le teangacha a fhoghlaim.
Comhpháirtíochtaí #ThinkLanguages
Bhí comhoibriú le comhpháirtithe mar chuid den fhéile arís agus cuireadh gníomhaíochtaí éagsúla ar fáil a
chuir feabhas ar eispéireas Sheachtain #ThinkLanguages. Mar chuid den straitéis 'Gairm san AE', rinne an
Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála urraíocht ar dhuaiseanna Chomórtas #ThinkLanguages don tríú bliain
as a chéile. Bronnadh dearbhán ar an triúr iomaitheoirí ab fhearr sa chomórtas póstaer. Rachaidh an
Fhoireann Seaimpíní bhuach agus a gcuid múinteoirí go dtí an Bhruiséil go luath in 2026 chun cuairt a
thabhairt ar institiúidí éagsúla de chuid an AE agus chun bualadh le hÉireannaigh atá ag obair ann, chun
tuiscint níos fearr a fháil ar an áit ar thug teangacha iad ina gcuid gairmeacha. Ba spreagadh suntasach é an
duais seo arís do scoláirí chun páirt a ghlacadh i gcuidiú le féilte #ThinkLanguages a eagrú ar fud na tíre.
#ThinkLanguages ag na hInstitiúidí Cultúrtha
In 2025, bhí na hinstitiúidí cultúrtha seo a leanas mar chomhpháirtithe de chuid Sheachtain
#ThinkLanguages den chéad uair, rud a léiríonn leathnú suntasach ar líonra comhpháirtíochta an chláir:
• Goethe Institut Irland
• Alliance Française Baile Átha Cliath
• Instituto Cervantes de Dublin
• Istituto Italiano di Cultura di Dublino
D'óstáil siad imeachtaí ar an láthair agus chuir siad ceardlanna, aoichainteoirí agus acmhainní foghlama ar
líne ar fáil. D'fhreastail níos mó ná 190 scoláire ar imeachtaí ar an láthair i rith na seachtaine. Tugtar gné nua
luachmhar don chlár le cuimsiú na n-institiúidí cultúrtha, rud a threisíonn tábhacht na héagsúlachta teanga
agus na tuisceana idirchultúrtha i saol an lae inniu.
92
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -