Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 95
#ThinkLanguages ag an bPictiúrlann
Mar chuid den chomhpháirtíocht leanúnach le hInstitiúid Scannán na hÉireann, taispeánadh rogha de
scannáin i dteangacha iasachta ag Institiúid Scannán na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus a líonra
pictiúrlann ar fud na tíre le linn Sheachtain #ThinkLanguages, rud a thug deis do scoláirí taithí a fháil ar
theangacha ag an bpictiúrlann. Chomh maith le léirithe sa phictiúrlann, bhí deis ag scoileanna leas a bhaint
as an ardán sruthaithe IFI@Schools a thugann deis do scoileanna scannáin a thaispeáint sa seomra ranga.
Bhreathnaigh os cionn 1,800 scoláire ar cheann de na scannáin i dteangacha iasachta sa phictiúrlann i rith
Sheachtain #ThinkLanguages, agus bhreathnaigh thart ar 1,600 scoláire eile ar scannán sa seomra ranga.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
95