Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 98
Buaiteoirí Chomórtas #ThinkLanguages 2025
I gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus leis an Straitéis ‘Gairm san AE’, gné
thábhachtach den ócáid #ThinkLanguages is ea Comórtas Náisiúnta Vlag Fhoireann na Seaimpíní
#Thinklanguages agus, rud nua i mbliana, Comórtas Póstaeir Aonair #ThinkLanguages.
Comórtas Vlag Fhoireann na Seaimpíní
Thug Comórtas Vlag Fhoireann na Seaimpíní, a dhéanann ceiliúradh ar chur chun cinn na foghlama
teangacha i scoileanna agus sa phobal i gcoitinne, thug sé cuireadh d'fhoirne de sheisear scoláirí Idirbhliana
aistear a scoile le linn Sheachtain #ThinkLanguages a dhoiciméadú trí vlag cruthaitheach a mhaireann trí
nóiméad. Roghnaíodh na foirne sa bhabhta ceannais le cur i láthair painéal moltóirí ag an mBabhta Ceannais
Náisiúnta sa Roinn Oideachais agus Óige. Ba iad Pobalscoil Inis Díomáin, An Grianán Mhuire, Baile Átha
Luain agus Pobalscoil Naomh Mharcais, Tamhlacht na scoileanna sa bhabhta ceannais d'Fhoireann na
Seaimpíní #ThinkLanguages 2025.
Chuir na trí fhoireann an méid a d'fhoghlaim siad óna dtaithí i láthair. Léirigh na hiontrálacha go léir méid
inmholta oibre a rinneadh ar bhainistíocht imeachtaí a gcuid féilte, agus cuir i láthair dheiridh, a chuaigh i
bhfeidhm ar an bpainéal moltóirí. Rinne lucht freastail na hócáide trácht ar scileanna cur i láthair den scoth a
bhí ag na scoláirí, ar a gcruthaitheacht, agus ar an bpaisean follasach atá acu do theangacha.
Ag an mBabhta Ceannais Náisiúnta, bronnadh turas go dtí an Bhruiséil ar an bhfoireann bhuach, rud a thug
deis dóibh a fheiceáil conas is féidir le scileanna teanga doirse a oscailt do ghairmeacha idirnáisiúnta, lena náirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na hÉireann ar fud institiúidí, comhlachtaí agus
gníomhaireachtaí an AE. Bhronn an Príomhchigire Yvonne Keating ón Roinn Oideachais agus Óige an corn
agus an duais ar Fhoireann Sheaimpíní na Bliana 2025, Pobalscoil Inis Díomáin.
Sa phictiúr anseo tá na hiomaitheoirí go léir ón mbabhta ceannais le Karen Ruddock, Stiúrthóir TIBÉ agus Yvonne Keating, an Roinn Oideachais agus Óige agus
Méabh Mc Mahon ó Euronews
98
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -