Eochairfhocail agus Frásaí FINAL - Flipbook - Page 2
Réamhrá
Forbraíodh an áis seo chun tacú le múinteoirí bunscoile an tSonraíocht Teanga a chur i
bhfeidhm taobh istigh de Churaclam athnorbartha na Bunscoile. Cuireann sí leis an
bhfoghlaim a bhaineann le hInniúlacht Chumarsáideach sa tríú teanga (T3) mar go dtugann
sí teanga phraiticiúil don seomra ranga, agus treoir chun tacú le caint agus cumarsáid
niúntach; ag an am céanna, tacaíonn sí le dul chun cinn na bpáistí i dtreo na dTorthaí
Foghlama cuí.
Tugtar na samplaí atá san áireamh i bhFraincis, i nGearmáinis, in Iodáilis agus i Spáinnis,
mar go léiríonn ár gcuid taighde gurb iad seo na teangacha a labhraíonn formhór na
múinteoirí bunscoile in Éirinn. Níl sé i gceist go gcuirfí teorainn le rogha T3 na scoileanna. Is
féidir le scoileanna aon T3 a roghnú ag brath ar na háiseanna atá ar fáil dóibh, ar chumas
teanga na múinteoirí agus ar na teangacha baile atá le cloisteáil sa seomra ranga nó i bpobal
na scoile.
Faoi Chéim 4, tosaíonn na páistí ag déanamh cumarsáide ag leibhéal an-bhunúsach go
leibhéal bunúsach in T3 na scoile. Tacaítear leis ach trí obair leanúnach a dhéanamh a
chuireann le feasacht teanga agus feasacht chultúir. Tá sé i gceist go gcuideoidh na focail
agus na frásaí san áis seo le múinteoirí chun deiseanna rialta, fiúntacha a chruthú do na
páistí an T3 a chloisteáil, a aithint agus a úsáid i gcomhthéacsanna coitianta sa seomra
ranga.
2