Eochairfhocail agus Frásaí FINAL - Flipbook - Page 24
Eochairfhocail agus Frásaí: An Tríú Teanga (T3) in úsáid sa Seomra Ranga Bunscoile
Tuilleadh Áiseanna agus Nasc
Forvo
Tugann Forvo focail agus frásaí gearra, á rá ag cainteoirí dúchais, agus tacaíonn
siad le cleachtadh ar fhoghraíocht, agus le dul i dtaithí ar bhlasanna éagsúla,
agus ar éagsúlacht teanga. https://forvo.com
WordReference
Is féidir WordReference a úsáid chun brí a sheiceáil, chun teacht ar shamplaí, ar
phointí gramadaí agus ar phlé ar úsáid teanga. https://www.wordreference.com
Reverso Context
Cuireann Reverso Context ar chumas múinteoirí iniúchadh a dhéanamh ar na
bealaí a n-úsáidtear focail agus frásaí sa chomhthéacs cuí agus nathanna
malartacha a chur i gcomparáid. https://context.reverso.net/translation/
Mataí Teanga Languages Connects
Tá Mataí Teanga ar fáil i raon teangacha, agus tacaíonn siad le cumarsáid laethúil
sa seomra ranga. https://languagesconnect.ie/language-mats/
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
– Curaclam na Bunscoile
Téigh chuig Creatlach Churaclam na Bunscoile (sonraíochtaí curaclaim agus ar
ábhair treorach) chun tacú le pleanáil, dul chun cinn agus foghlaim i ngach
réimse curaclaim. https://curriculumonline.ie/primary/
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS)
Tar ar fhoghlaim ghairmiúil, treoir agus tacaíocht do cheannairí agus
múinteoirí scoileanna speisialta agus Curaclam na Bunscoile á chur i bhfeidhm
acu. Nasc chuig CNOS – Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
https://www.ncse.ie
Rannán Bunscoile Oide
Faigh rochtain ar fhoghlaim ghairmiúil, ar threoir churaclaim agus ar ábhair
thacaíochta don seomra ranga chun tacú le cur i bhfeidhm Churaclam na
Bunscoile. https://oide.ie/primary/home/
Uirlisí aistriúcháin arna bhfeabhsú ag IS
(ar nós Google Translate): tacaíonn na huirlisí aistriúcháin le haistriúchán ar théacs, ar chaint agus ar íomhánna,
tugann siad aschur fuaime, agus is cabhair iad chun brí, foghraíocht, agus úsáid a sheiceáil.
(Ó thaobh na Gaeilge de, bí cúramach, is minic nach mbíonn siad cruinn).
24