Eochairfhocail agus Frásaí FINAL - Flipbook - Page 5
Eochairfhocail agus Frásaí: An Tríú Teanga (T3) in úsáid sa Seomra Ranga Bunscoile
Smaointe don seomra ranga
❯ Bain úsáid as an sprioctheanga (T3) go
rialta aon uair is féidir i rith an lae scoile,
ionas go bhfaigheann na páistí nochtadh
rialta, oúntach don teanga, agus ionas go
n-aithníonn siad mar mheán nádúrtha
cumarsáide í i gcomhthéacsanna a bhfuil
taithí acu orthu.
❯ Smaoinigh ar bhealaí éagsúla chun an
sprioctheanga a bhunú mar chuid
nádúrtha, sheasta den chumarsáid ranga.
Mar shampla, déan lipéid le haghaidh
focail agus frásaí coitianta sa
sprioctheanga, cruthaigh meabhrú
amhairc ar fud an tseomra ranga, agus
úsáid nathanna, a bhfuil taithí ag na páistí
orthu, go rialta i rith an lae sa rang.
❯ Cuir roinnt deiseanna beaga oúntacha ar
fáil chun an sprioctheanga a úsáid
(beannachtaí, treoracha simplí a
thabhairt, gnáthaimh a bhainistiú, agus
cumarsáid ranga a spreagadh) chun
cuidiú le forbairt muiníne agus taithí de
réir a chéile.
❯ Tacaigh leis na páistí cosúlachtaí agus
éagsúlachtaí idir frásaí comónta i
nGaeilge, i mBéarla agus sa T3 a aithint,
mar aon leis na frásaí i dteangacha baile,
nó i dteangacha eile atá ar eolas ag na
páistí.
❯ Cruthaigh taispeántas 8Frása na
Seachtaine9 agus cuir in áit fheiceálach sa
seomra ranga é. Cuir íomhá, pictiúr, rud
nó tacaíocht eile a chuidíonn leis na
páistí cuimhneamh ar an bhfrása in aice
leis.
❯ Más féidir, roghnaigh rím nó amhrán ina
bhfuil roinnt de na focail ón bhfrása,
ionas gur féidir le páistí iad a
chleachtadh ar bhealaí éagsúla.
❯ Cruthaigh taispeántas ranga ilteangach
ina bhfuil Gaeilge, Béarla, an T3 agus
teangacha eile atá ar eolas ag na páistí,
más cuí. Spreag na páistí le focail agus
frásaí nua a chur leis an taispeántas i rith
na scoilbhliana.
❯ Cuir deiseanna scanáilte ar fáil do na
páistí chun ceisteanna an-ghearr, simplí a
chur agus a fhreagairt, chun páirt a
ghlacadh i gcumarsáid agus i gcomhráite
simplí agus chun freagra a thabhairt ar
chumarsáid, nó chun í a thosú, sa T3.
❯ Bain úsáid as leideanna amhairc, geáitsí
agus rudaí nithiúla chun tacú le
cumarsáid fhiúntach agus le tuiscint, rud
a chuirodh ar chumas gach páiste
cumarsáid a thuiscint agus páirt a
ghlacadh ann, go háirithe go luath san
aistear foghlama.
5