Eochairfhocail agus Frásaí FINAL - Flipbook - Page 6
Eochairfhocail agus Frásaí: An Tríú Teanga (T3) in úsáid sa Seomra Ranga Bunscoile
Smaointe do Leasú agus Treisiú
❯ Déan athbhreithniú rialta ar an mbealach
a n-úsáidtear an teanga sa seomra ranga
agus aithin deiseanna chun an liosta
focal agus abairtí a leathnú. Má
dhéanann tú leathnú de réir a chéile ar
an méid den T3 a úsáideann tú, seans go
spreagfaidh sin úsáid spontáineach an T3
in idirghníomhaíochtaí agus i
gcumarsáid.
❯ Bain úsáid as uirlisí, foclóirí ar líne nó
ardáin aistriúcháin, mar shampla, chun
brí agus úsáid a chinntiú, chun
foghraíocht níos cruinne a léiriú, chun
nathanna malartacha a chur i
gcomparáid, agus chun cur leis an
mbailiúchán pearsanta focal sa
sprioctheanga a bheidh ag fás de shíor.
6
❯ Tabhair tacaíocht do na páistí naisc a
dhéanamh idir foghlaim teanga i
nGaeilge, i mBéarla, an T3, i dteangacha
baile nó eile, agus in ábhair eile sa
churaclam. Mar shampla, tabharfaidh na
páistí naisc faoi deara idir teangacha
agus an curaclam: úsáidtear focail
Iodáilise ar nós piano agus crescendo, sa
cheol; úsáidtear litreacha Gréigise ar nós
pí (π), alfa (³), béite (´) agus deilte (Δ) sa
mhatamaitic; agus tá focail eolaíochta, ar
nós pípéad, nó leaganacha den chineál
céanna, le fáil in go leor teangacha
Eorpacha.