Eochairfhocail agus Frásaí FINAL - Flipbook - Page 7
Eochairfhocail agus Frásaí: An Tríú Teanga (T3) in úsáid sa Seomra Ranga Bunscoile
Eochairnocail agus Frásaí
An Tríú Teanga (T3) in úsáid sa Seomra Ranga Bunscoile
Sa tábla thíos, taispeántar mar a thacaíonn na codanna den áis seo le múinteoirí agus iad ag pleanáil le haghaidh
Céim 4 NTI Torthaí Foghlama don Inniúlacht Chumarsáide sa T3. Tá na naisc seo ann mar léiriú agus tá sé i
gceist go gcuideoidh siad le múinteoirí a aithint conas a thacaíonn teanga laethúil an tseomra ranga le cumas
na bpáistí, cumas atá á norbairt, cumarsáid a dhéanamh ag leibhéal an-bhunúsach go leibhéal bunúsach sa T3.
Codanna den áis seo
Nasc le Céim 4 de Thorthaí Foghlama T3
Aistriú
Tacaíonn sé le páistí páirt a ghlacadh i ngnáthaimh an-simplí ranga agus an T3 in úsáid.
Bainistíocht ranga
Tacaíonn sé le páistí focail an-bhunúsach, frásaí gearra, ceisteanna simplí agus
treoracha sa T3 a aithint agus freagra a thabhairt orthu.
Ábhair a bhainistiú
Tacaíonn sé le páistí treoracha simplí, gearra a bhfuil taithí acu orthu, agus a bhaineann
le nithe nithiúla sa seomra ranga, a thuiscint agus freagra a thabhairt orthu.
Treoracha taisc
Tacaíonn sé le páistí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus i gcluichí an-simplí, sa T3,
sa seomra ranga.
Foghlaim á seiceáil agus
rannpháirtíocht á spreagadh
Tacaíonn sé le páistí ceisteanna an-ghearr, simplí a chur agus a fhreagairt, agus leas a
bhaint as leideanna, áiseanna agus scanáil, más cuí.
Moladh agus spreagadh
Tacaíonn sé le feasacht na bpáistí ar chumarsáid ghearr fhiúntach agus ar ghnásanna
sóisialta simplí sa T3.
Frásaí úsáideacha do pháistí
Tacaíonn sé le páistí focail agus frásaí coitianta a úsáid chun bunriachtanais a chur in iúl,
chun cabhair a lorg agus chun páirt a ghlacadh in idirghníomhaíochtaí a bhfuil taithí
acu orthu.
Teanga an tsúgartha
Tacaíonn sé le cumarsáid páiste le páiste i gcluichí an-simplí, seal a ghlacadh agus
teanga bunaithe ar shúgradh, a bhfuil taithí acu uirthi.
Innéacs Teangacha
1
Iodáilis .......................................................................................................................................................................................... 8
❯
2
Spáinnis ...................................................................................................................................................................................... 12
❯
3
Frásaí úsáideacha do pháistí i Spáinnis ...................................................................................................... 15
Fraincis ........................................................................................................................................................................................ 16
❯
4
Frásaí úsáideacha do pháistí in Iodáilis ........................................................................................................ 11
Frásaí úsáideacha do pháistí i bhFraincis ................................................................................................ 19
Gearmáinis ............................................................................................................................................................................ 20
❯
Frásaí úsáideacha do pháistí i nGearmáinis .......................................................................................... 23
7