How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 10
Foireann:
Bainfidh idir mhúinteoirí teanga agus mhúinteoirí eile buntáistí as malartú scoile a mbeidh rath air.
Uaireanta, cuirfidh sé le caidreamh maith idir baill d’fhoireann na scoile. B’fhéidir go gcuirfeadh an múinteoir
teanga clúdach ar fáil do mhúinteoir eile agus iad ag déanamh gníomhaíocht le scoláirí malairte, agus
b’fhéidir go gclúdódh an múinteoir eile ranganna agus an múinteoir teanga thar lear. Uaireanta, spreagann
sé múinteoirí féachaint as an nua ar ábhair daoine eile. Laghdaíonn sé an t-ualach oibre do mhúinteoirí
teanga, má tá múinteoirí eile sásta óstáil a dhéanamh, dul thar lear nó a bheith páirteach ag cibé leibhéal
is mian leo. Is deis iontach é do mhúinteoirí féachaint ar modhanna múinteora i dtír eile. Luaigh múinteoir
amháin gur tháinig malartú múinteoirí as malartú scoile, deis iontach a bhí ann. Deis do mhúinteoirí,
díreach mar atá do scoláirí, cairde a dhéanamh is ea óstáil. Is gá do mhúinteoirí a gcuid scileanna teanga
a choinneáil suas chun dáta, agus mar sin, is deis iontach é malartú scoile chun an sprioctheanga a
chleachtadh. Bíonn sé níos éasca malartú leanúnach rathúil a dhéanamh má bhíonn cur chuige iomlán
scoile i gceist. Ar an ngearrthóg físeáin ó Phobalscoil Leamhcain, tá aiseolas an-dearfach ó mhúinteoirí,
nach múinteoirí teanga iad, agus mar sin is fiú an fhoireann teagaisc a spreagadh chun féachaint air.
Taisteal:
Chun teacht ar eolas faoi sheirbhísí inimirce agus faoi chomhairle chustaim do thurais/mhalartuithe scoile
féach ar:
https://www.irishimmigration.ie/at-the-border/travelling-with-children/#groups-with-minors Ba
chóir go mbeadh na nithe seo a leanas ag an gcomhordaitheoir: 1) liosta de gach ball den ghrúpa; 2) litir
ó gach tuismitheoir a thugann toiliú do gach duine atá faoi aois taisteal le ceannaire fásta an ghrúpa, agus
sonraí teagmhála san aíreamh; 3) cóip de theastas breithe nó uchtaithe, nó páipéir chaomhnóireachta a
thaispeánann an caidreamh idir tuismitheoir/ caomhnóir agus páiste; 4) cóip den teastas pósta/colscartha i
gcás go bhfuil sloinne an pháiste éagsúil le sloinne an tuismitheora; agus 5) cóip de phas an tuismitheora/
chaomhnóra nó cáipéis aitheantais stáit. Ba chóir do gach duine a phas féin nó a cháipéis aitheantais féin a
iompar.
Scoláirí:
Oibríonn malartuithe go han-mhaith nuair atá scoláirí díograiseach, dearfach, agus nuair atá intinn
oscailte acu maidir le heispéireas agus cultúr nua. Tá sé tábhachtach go mbeadh na scoláirí páirteach
agus ar an eolas faoi na buntáistí agus is gá iad a choinneáil spreagtha. I gcás scoláirí atá tar éis dul ar
mhalartú scoile ba chóir go mbeadh cead acu é a chur chun cinn do scoláirí sa bhliain fúthu, mar go
bhfuil seans níos mó ann go rachaidh siad i bhfeidhm orthu ná go rachaidh múinteoirí ná tuismitheoirí.
Is maith le scoileanna áirithe teorainn a chur le líon na scoláirí a théann ar mhalartú (m.sh. tá teorainn
12 ag scoil amháin), agus b’fhearr le scoileanna eile grúpaí móra a thabhairt. Baineann buntáistí agus
míbhuntáiste leis an dá chás. Tá scoláirí a bhfuil aiseolas an-dearfach acu sna gearrthóga físeán, mar sin,
taispeáin na gearrthóga do scoláirí.
Tréimhse:
Tá roinnt scoileanna sásta go mbeadh malartú ag tarlú i rith an téarma, agus is i rith na laethanta saoire
amháin a shocraíonn scoileanna eile an malartú. Tá sé tábhachtach smaoineamh gur malartú cultúrtha
é seo agus gur cuid thábhachtach de shaol scoláirí í an scoil. Dá bharr sin, tá sé thar a bheith luachmhar
go mbeadh seans ag scoláirí féachaint ar an gcineál saol scoile atá i dtír na sprioctheanga. Ciallaíonn sé
go mbeidh comhghleacaithe uait chun cuidiú leis an gclár cultúrtha a bheidh ort a phleanáil. Múinteoir
corpoideachais chun cuidiú le peil Ghaelach agus iománaíocht, múinteoir ceoil agus duine a bhfuil
taithí aige/aici ar dhamhsa gaelach chun cuidiú ag céilí, múinteoir staire chun cuidiú le turas a reáchtáil
ar stair na háite, múinteoir tíreolaíochta chun díriú ar rudaí uathúla faoin gceantar, agus múinteoir
eacnamaíocht bhaile chun arán baile a dhéanamh. Má tharlaíonn sé i rith na laethanta saoire, beidh an
t-eispéireas an-éagsúil agus bíonn ar roinnt múinteoirí (is mná iad formhór de mhúinteoirí NTI) cúram
leanaí a eagrú i rith na laethanta saoire, rud a dhéanann níos deacra dóibh a bheith páirteach.
Nascadh baile:
Tá roinnt bailte nasctha le bailte atá cosúil leo thar lear. Faigh
amach an bhfuil do bhaile nasctha agus má tá, faigh amach an
bhfuil malartuithe ag na scoileanna ann. Baineann buntáistí le
Nascadh Baile do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghnólachtaí,
do thurasóireacht, do scoileanna agus araile. B’fhéidir gurbh fhiú
é a fhiosrú, nó iarraidh ar ghrúpa cuí áitiúil é a fhiosrú. Is sampla
maith de seo í gearrthóg físeáin Phobalscoil Charn Domhnach
8
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile