How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 11
Malartú pearsanta
Is éard atá i gceist le malartú pearsanta ná go gcónaíonn
scoláire as Éirinn le teaghlach i dtír na sprioctheanga, agus
ag brath ar an am den bhliain, go dtéann sé/sí ar scoil leis an
bpáirtí malairte.
Déantar a mhalairt ansin, nuair a thagann an páirtí malairte
go hÉirinn, agus ag brath ar an am den bhliain, téann an páirtí
malairte ar scoil anseo in Éirinn.
Inár suibhé, dúirt 56% de na freagróirí
go molann siad do scoláirí malartú
pearsanta a dhéanamh trí na
teagmhálaithe pearsanta atá acu.
)
)
56%
56%
Dhearbhaigh 56% de fhreagróirí go
gcuirfeadh a scoilse fáilte roimh scoláire
malairte chuig an scoil ar feadh téarma. Tá
scoileanna táille agus scoileanna gan táille
araon san áireamh sa staitistic seo.
Is féidir le scoláirí malartú pearsanta a eagrú tríd an
teaghlach nó trí chairde, nó trí theagmhálaí atá déanta
acu tríd an malartú scoile. Tá Erasmus ann le breis agus
35 bliana, agus dá bharr sin, tá go leor tuismitheoirí,
baill teaghlaigh, agus mar sin de, a bhfuil teagmhálaithe
thar lear acu. Is bealach saor é malartú pearsanta
chun tréimhse fhada a chaitheamh thar lear. Níl ach
costas na n-eitiltí i gceist, mar tá scoláirí ag fanacht
le teaghlaigh óstach ar feadh téarma, agus ansin tá
siadsan ag óstáil na bpáirtithe malairte ar feadh téarma.
Is é an buntáiste is mó a bhaineann le malartú pearsanta
ná nach bhfuil Éireannaigh eile thart le labhairt leo,
agus dá bharr sin, fíorthumoideachas atá i gceist. Mar
a tharlaíonn le malartú scoile, is deis é seo do scoláirí
éirí níos neamhspleáiche agus leathanaigeanta, agus
a gcuid scileanna teanga a fheabhsú. Is deis é do
theaghlach an scoláire blaiseadh de chultúr eile agus
léargas eile a fháil ar an saol trí scoláire malairte a óstáil.
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
9