How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 12
Taithí Oibre Thar Lear
Taithí iontach is ea taithí oibre thar lear. Cuireann sé feabhas
ar scileanna teanga agus ar mhuinín scoláirí, cuireann
sé feabhas ar a gcuid eolais ar an mbealach a ndéantar
rudaí i dtíortha eile, agus tá cuma mhaith air ar an CV.
Tá daonra an domhain ag fás go tapa agus ciallaíonn
domhandú go bhfuil sé níos éasca ná riamh taisteal agus
oibriú thar lear, agus tá níos mó iomaíochta ann do phoist.
Is gá do scoláirí a bheith feicealach, agus nuair a eagraíonn
siad taithí oibre thar lear as a stuaim féin, seasfaidh sé sin
amach ar CV. Is gá do scoláirí a dtaithí oibre féin a eagrú.
Ba chóir do mhúinteoirí teanga agus do threoirchomhairleoirí
iad a spreagadh, agus cuidiú leo le moltaí ag an
tús, ach ina dhiaidh sin is gá do na scoláirí agus dá
dtuismitheoirí an t-eagrú ar fad a dhéanamh.
10
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
10