How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 13
Is moltaí iad seo a leanas chun cuidiú le scoláirí túsphointe a aimsiú:
Cairde:
Ba chóir do scoláirí cairde, nó cairde an teaghlaigh, a úsáid mar thúsphointe. D’fhéadfadh
sé a bheith ina eispéireas dhá bhealach, ina ndéanann an scoláire as Éirinn taithí oibre thar
lear agus go ndéanann an scoláire malairte taithí oibre in Éirinn. Nó b’fhéidir go mbeadh na
cairde thar lear sásta lóistín a chur ar fáil agus taithí oibre a aimsiú don scoláire as Éirinn.
Teaghlach:
Is túsphointí iontacha iad baill teaghlaigh fosta. Má labhraíonn an teaghlach máthairtheanga
an scoláire, in ionad na sprioctheanga, ní bheidh sé chomh tairbheach. Mar sin féin, beidh an
scoláire tumtha san ionad oibre, agus éacht a bheidh ann fós taithí oibre a dhéanamh thar
lear.
Teagmhálaithe:
Ba chóir do scoláirí úsáid a bhaint as na teagmhálaithe atá déanta acu tríd an malartú
scoile. B’fhéidir go mbeadh a páirtí malairte sásta taithí oibre malairte a dhéanamh, nó fiú
lóistín a chur ar fáil don scoláire agus cuidiú leo taithí oibre a fháil. B’fhéidir go mbeadh
teagmhálaithe ag roinnt tuismitheoirí thar lear trína gcuid oibre, is fiú gach féidearthacht a
fhiosrú.
Teach eile:
Seans go mbeidh an t-ádh ar roinnt scoláirí go bhfuil teach eile acu thar lear, agus cé nach
mbeidh an sprioctheanga acu, go mbeidh deis acu, agus iad ann lena dteaghlach, iad féin a
thumadh sa teanga agus san ionad oibre ar thaithí oibre.
Feisirí de Pharlaimint na
hEorpa (FPE/MEP):
Sa suirbhé luaigh múinteoir go ndearna beirt scoláirí as Sligeach taithí oibre, a d’eagraigh an
FPE Marian Harkin dóibh, sa Bhruiséil. Tá 13 FPE ag Éirinn, agus tá a gcuid sonraí teagmhála
anseo: http://www.europarl.europa.eu/ireland/en/your-meps
As do stuaim féin:
Inár suirbhé luaigh múinteoirí go raibh scoláirí acu a shocraigh taithí oibre dóibh féin as
a stuaim féin. Chuir scoláirí as Loch Garman isteach ar phoist ar líne agus d’oibrigh siad in
Eurodisney, i bPáras. D’eagraigh scoláirí as Leamhcan le taisteal agus le hobair sa Fhrainc iad
féin. Ba chóir Eurodesk a mholadh do scoláirí.
Is líonra eolais de chuid Choimisiún na hEorpa é Eurodesk. Tá sé dírithe ar dhaoine óga
agus ar eagraíochtaí óige. Déanann comhordaitheoirí náisiúnta agus réigiúnacha roinnt ar
eolas chun cuidiú le daoine óga foghlaim faoi dheiseanna le bogadh timpeall san Eoraip,
ina measc, staidéar, oibriú agus obair dheonach thar lear. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag
http://www.eurodesk.ie
Ba chóir do scoláirí teagmháil a dhéanamh leis an gComhlachas Tráchtála cuí in Éirinn, nó le
oifig chuí Fiontraíocht Éireann thar lear, chun liosta a fháil de chomhlachtaí thar lear a bhfuil
naisc acu le hÉirinn.
• An Ghearmáin: https://www.german-irish.ie/en/
• An Ostair: https://www.advantageaustria.org/ie/Startseite.en.html
• An Fhrainc: http://www.franceireland.ie
• An Spáinn: http://www.isea.ie
• An Iodáil: https://www.facebook.com/italchamindIE
• An tSeapáin: https://ija.ie
• Comhlachas Tráchtála Arabach-Éireannach http://www.aicc.ie
• Fiontraíocht Éireann: https://www.enterprise-ireland.com/en/Export-Assistance/
International-Office-Network-Services-and-Contacts/
Nascadh Baile:
I bPobalscoil Charn Domhnach tá roinnt scoláirí a bhfuil taithí oibre déanta acu i
mbaile atá nasctha lena mbaile sa Bhriotáin. D’fhan roinnt acu le teaghlaigh óstacha
ón malartú scoile, agus chónaigh roinnt eile le teaghlach a eagraíodh trí choiste na
mbailte nasctha. Tharla a mhalairt fosta, agus thug muintir an bhaile lóistín do scoláirí
as an mBriotáin, uaireanta d’fhan na scoláirí Francacha le teaghlaigh óstacha ón
malartú scoile, agus uaireanta le teaghlach a d’eagraigh coiste na mbailte nasctha. Má
tá a mbaile nasctha le baile eile, ba chóir do scoláirí dul i dteagmháil leis an gcoiste
áitiúil a bhaineann leis an nascadh.
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
11