How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 14
Alumnais:
Tá iarscoláire ó Phobalscoil Leamhcan a bhí ag iarraidh rud éigin a thabhairt ar
ais, agus mar sin, d’íoc sé costas eitilte chun na Gearmáine do scoláire sa chúigiú
bliain. Roghnaigh an scoil an scoláire agus tá lóistín á chur ar fáil ag an iarscoláire
agus a theaghlach don scoláire, agus tá taithí oibre trí seachtaine eagraithe aige sa
chomhlacht ina n-oibríonn sé. Is sampla inspioráideach é seo den bhealach ar féidir le
halumnais cuidiú le deiseanna taithí oibre.
I ngach scoil beidh go leor iarscoláirí a bhog thar lear, agus cé nach mbeidh siad ar
fad ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh, is teagmhálaithe iad, túsphointe, agus
d’fhéadfadh deiseanna eile teacht uathu dá bharr. Mura bhfuil cumann iarscoláirí
ag scoil, ba chóir go smaoineoidís ar cheann a bhunú. Féach ar ghearrthóg físeáin
Phobalscoil Leamhcan, a phléann an t-ábhar seo.
Obair dheonach:
Má tá baint ag scoláirí le heagraíocht idirnáisiúnta d’oibrithe deonacha, amhail
Cumann na Croise Deirge, b’fhéidir go mbeadh siad ábalta obair dheonach a eagrú
thar lear tríd an eagraíocht.
European Solidarity Corp: Ligeann an European Solidarity Corps do dhaoine óga idir 18-30 bliain d’aois obair
dheonach a dhéanamh i réimse tíortha.
Is cuid de Thionscadail Dheonacha (KA125) Erasmus+ é European Solidarity Corps.
Maireann tionscadail ó dhá sheachtain go 12 mhí.
Is féidir le daoine óga páirt a ghlacadh ann ar dhá bhealach:
• Mar oibrí aonair deonach
• Mar chuid d’fhoireann dheonach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.leargas.ie/volunteer/
12
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile