How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 16
Tá dhá bhealach ann chun teacht ar theaghlach óstach, ceann
amháin trí theagmhálaithe pearsanta agus ceann eile trí
chomhlacht.
Tá comhaontú Eorpach ar Shocrúchán Au Pair ag Comhairle na hEorpa, Níor shínigh Éire an comhaontú ach shínigh an Bheilg,
an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn agus an Eilvéis.
De réir an chomhaontaithe:
Cuireann teaghlaigh fáilte ar fáil ar feadh tamaill i socrúchán ‘au pair’, agus mar chúiteamh cuireann
daoine óga seirbhísí áirithe ar fáil. Tá na daoine óga ag teacht chun feabhas a chur ar a gcuid eolais ar an
teanga, agus ar ghairmeacha, b’fhéidir, ar eolas níos fearr a fháil ar chultúr ginearálta na tíre ina mbeidh
siad. Cuirtear bia agus lóistín ar fáil d’au pairs, bíonn am acu le freastal ar chúrsa teanga, bíonn lá iomlán
saor sa tseachtain acu in éineacht le hairgead póca.
Agus taighde ar siúl acu, b’fhéidir go dtiocfaidh scoláirí ar ‘The European Committee for Au Pair Standards (ECAPS)’.
Bunaíodh ECAPS in Aibreán 2006, leis an aidhm sainmhíniú a thabairt ar chaighdeáin au pair san Eoraip. Tá sé mar aidhm
aige, sraith amháin rialacha agus rialachán a bhunú d’au pair, teaghlaigh óstacha, áisinteachtaí au pair agus cumainn
náisiúnta au pair. I measc gníomhaíochtaí ECAPS, tá stocaireacht agus plé á ndéanamh le Comhairle na hEorpa, Coimisiún
na hEorpa agus rialtais aonair chun aitheantas ar an malartú au pair a bhunú mar chlár malartaithe cultúrtha ar fud na
hEorpa. Ainneoin an ainm oifigiúil, ní grúpa de chuid Choimisiún na hEorpa é, is polasaí é de chuid Cumann Idirnáisiúnta
Au Pairs.
Naisc úsáideacha
IAPA
Is éard is IAPA ann ná Cumann Idirnáisiúnta Au Pairs https://www.iapa.org
An Fhrainc
Bunaíodh an Union Française des Agences Au Pair (UFAAP) in 2000. Tá 14 bhall sa UFAAP agus
is é an t-aon chumann sa Fhrainc a dhéanann sainchúram de shocrúcháin au pair sa Fhrainc
agus thar lear.
Tá clú agus cáil ar na háisíneachtaí atá ina mbaill den UFAAP, as a n-iontaofacht, as caighdeán
na dteaghlach a roghnaítear, as scoláirí cuí agus as an scagadh ar an dá thaobh. Is é an aidhm
ná caighdeán cáilíochtaí, rialacha agus rialúcháin a shocrú i socrúcháin na au pairs. Bíonn
cumarsáid leanúnach idir AFAAP agus oifigigh Rialtas na Fraince chun teacht ar chomhaontú
náisiúnta a d’aithneodh socrúcháin au pair mar mhalartú cultúrtha. www.ufaap.org
An Ghearmáin
Is eagraíocht neamhbhrabúis é an Au-Pair Society e.V a bunaíodh in 2000. Cloíonn
baill áisinteachtaí (beagnach 50) den Au-Pair Society le hardchaighdeáin a ndearnadh
athbhreithniú orthu de réir threoirlínte ECAP, baineann siad le socrúcháin sa Ghearmáin agus
thar lear.
Tugann an Cumann comhairle, tacaíonn sé le líonrú idir baill, agus cuireann sé grúpa
stocaireachta ar fáil chun an clár malartaithe cultúrtha a fheabhsú, tacú leis agus a chosaint.
Is cumann aitheanta é Au-Pair Society e.V., creidiúnaithe ag Bundestag na Gearmáine.
https://www.aupair-society.de/
An Iodáil
Bunaíodh an Associazione Nazionale Italiana Alla Pari (ANIAP) i mí na Samhna 2013 mar
chumann náisiúnta Au Pair na hIodáile. Ba é an aidhm a bhí ag an gcumann ná cuidiú
le daoine óga atá ag iarraidh a bheith ag obair mar au pair agus le teaghlaigh atá ag
iarraidh a bheith ina dteaghlaigh óstacha. www.aniap.org
An Spáinn
Is eagraíocht neamhbhrabúis é Asociación Española del Programa Aupair (AEPA), a
bhfuil mar aidhm aici cáilíocht agus gairmiúlacht a chur chun cinn i measc eagraíochtaí
Spáinneacha, a bhfuil baint acu le gnó na au pairs, agus chun leas na dteaghlach agus au
pairs a chosaint. https://www.agenciasaupairaepa.es/
14
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile