How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 17
Turais thar lear
Tá dhá chineál turais thar lear a bhféadfadh scoláirí
dul orthu, turas scoile an chéad cheann agus
saoire teaghlaigh thar lear an dara ceann.
Turais scoile
85%
68%
Dúirt 85% de fhreagróirí
ár suirbhé gur eagraigh a
scoilne turas scoile.
Cuireann 68% an turas scoile
chun cinn mar dheis chun
scileanna teanga a chleachtadh.
87%
Cuireann 87% an turas
scoile chun cinn mar
dheis chun blaiseadh a
fháil de chultúr eile.
Tá a lán comhlachtaí a thairgeann turais scoile chuig tíortha na sprioctheanga, féach thall do réimse acu. Ach baineann
roinnt míbhuntáistí leo, bíonn siad costasach agus cé go mbíonn siad spraíúil, ní i gcónaí a bhíonn deis ann an teanga
a chleachtadh ná bualadh le muintir na háite. Ach is rogha shimplí do mhúinteoirí é in áit malartaithe. Bealach amháin
chun a chinntiú go bhfaighidh tú go díreach an rud atá uait ná é a eagrú tú féin.
Cás-staidéar
I bPobalscoil Chill Dhéagláin thug an múinteoir
Seapáinise grúpa scoláirí go dtí an tSeapáin i rith
na Cásca in 2018.
Ba é €2,500 an costas in aghaidh an scoláire agus
bhí 13 scoláire agus beirt mhúinteoirí (múinteoir
teanga agus múinteoir eile)ar an turas. D’íoc na
scoláirí costais na múinteoirí agus turas 10 lá a
bhí ann. Tugadh eolas faoin gcostas do scoláire
bliain roimh ré agus spreagadh iad chun post
samhraidh/deireadh seachtaine a fháil chun
íoc as. Ní raibh aon ghearáin ann faoin gcostas.
D’fhan siad in óstán agus chaith siad na chéad 3
oíche mar a bheadh gnáth-thurasóirí ann.
Ansin chaith siad lá ar cuairt scoile trí theagmhálaí
a bhí ag an múinteoir teanga cheana. D’eagraigh
an múinteoir 3 lá de ranganna deonacha
Seapáinise do na scoláirí trí eagraíocht
neamhbhrabúis, bhain na scoláirí an-sult astu.
Rinne siad go leor taistil agus bhí clár an-lán
acu. Tríd an turas ar fad, thug an múinteoir
gníomhaíochtaí do na scoláirí ina raibh orthu
imeacht agus iad a chur i gcrích ina n-aonar.
Sampla de cheann de na gníomhaíochtaí ná fáil
amach cá raibh áit faoi leith, conas ticéid a fháil chun
dul ann ar an gcóras iompar poiblí agus íoc astu iad
féin le hairgead tirim. Íocadh costas iomlán an turais
roimh ré agus ansin thug an múinteoir airgead tirim
do na daltaí do na gníomhaíochtaí éagsúla agus
araile.
Bhí turas iontach ar fad ag scoláirí agus múinteoirí
araon. Bhí an turas dírithe ar theanga agus ar chultúr,
bhí níos mó ná turas scoile i dtír na sprioctheanga
i gceist. Níor eagraíodh an turas trí chomhlacht,
d’eagraigh an múinteoir é mar gurb é sin an t-aon
bhealach chun é a chur in oiriúint do riachtanais
na scoláirí agus chun turas teanga agus cultúrtha
a dhéanamh de. Tharla sé i rith laethanta saoire na
Cásca.
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
15