How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 18
Saoire theaghlaigh
Má tá scoláirí ag dul thar lear ar saoire theaghlaigh (téann thart ar 75% de theaghlaigh
ar saoire i rith an tsamhraidh), ba chóir go smaoineodh an teaghlach ar dhul go tír
na sprioctheanga. Tá roghanna éagsúla ann do bhuiséid éagsúla, de ghnáth is rogha
chostasach iad óstáin, agus bíonn campáil níos saoire.
• Tá an Spáinn ar cheann de na háiteanna is coitianta a bhfuil tóir ag turasóirí ó Éirinn uirthi; tá tóir ar an Iodáil agus ar an
bhFrainc freisin.
• Is beag tóir a bhíonn ag Éireannaigh ar an nGearmáin, seachas saoirí gairide go Beirlín agus turais go München don
Oktoberfest. Ach is tír ollmhór í, agus tá éagsúlacht ann ó cheantair chósta go sléibhte na nAlp agus áiteanna fíor-álainn
eatarthu.
• Is áiteanna iontacha iad an Ostair agus an Eilvéis le dul ar saoire.
D’fhéadfaí tasc a thabhairt do scoláirí taighde a dhéanamh ar shaoire i dtír na sprioctheanga, b’fhéidir le cur i
láthair do thuismitheoirí chun iad a spreagadh chun dul ann ar saoire shamhraidh.
Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach chun taighde a dhéanamh ar shaoire i dtíortha na sprioctheanga.
• http://www.germany.travel/en/index.html
• https://www.austria.info/uk
• https://www.myswitzerland.com/en-gb/home.html
• http://www.italia.it/en/home.html
• http://www.spain.info/en
• http://in.france.fr
Tá áiseanna Cuardach Idirlín déanta ag TIBÉ/PPLI ‘Cuardach idirlín, Turas go...’ Tá siad ar fáil ag
https://ppli.ie/webquests/ agus bheadh siad an-oiriúnach don tasc seo.
.
16
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile