How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 21
Cláir de cuid Choimisiún na hEorpa
eTwinning https://www.etwinning.net
I Ríomhnascadh ní théann tú thar lear le scoláirí, ach is
gá páirtí múinteora agus ranga a aimsiú, agus tionscadail
a dhéanamh le chéile ar ardán sábháilte ar líne.
Seo liosta buntáistí:
• Tá sé sábháilte agus saor in aisce.
• Níl aon mhaorlathas i gceist, is féidir
clárú taobh istigh de nóiméad.
• Tá pobal ann agus oibríonn siad
le chéile ar thionscadail
• Spraíúil don rang ar fad
• Go leor caidreamh aghaidh ar aghaidh agus
deiseanna chun forbairt ghairmiúil a dhéanamh
• Faigheann tú aitheantas do do chuid oibre i
Lipéid Cáilíochta agus duaiseanna Eorpacha
• Beidh tacaíocht agat i gcónaí ó do
Sheirbhís Náisiúnta Tacaíochta
In Éirinn, is é Léargas a eagraíonn Ríomhnascadh. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar: : https://www.leargas.ie/etwinning/
Tá líonra ambasadóirí ag Ríomhnascadh. Is múinteoirí Ríomhnasctha iad seo a bhfuil go leor taithí acu agus iad
sásta cuidiú le múinteoirí eile le ceisteanna a bhféadfadh siad a bheith acu. Tá 16 ambasadóir Ríomhnasctha
in Éirinn faoi láthair, agus triúr acu sin ina múinteoirí teanga. Tá tuilleadh eolais, agus sonraí teagmhála na
n-ambasadóirí ar fáil anseo:
https://www.leargas.ie/etwinning/etwinning-ambassadors/
Chomh maith le hardáin ar líne do thionscadail, cuireann Ríomhnascadh maoiniú ar fáil do mhúinteoirí atá
ag iarraidh cur isteach ar cheardlanna Forbairt Ghairmiúil Ríomhnasctha. Bíonn siad seo ar siúl ina lán tíortha
Eorpacha. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi cheardlanna agus faoi chruinnithe Ríomhnasctha anseo:
https://www.leargas.ie/news-landing/
Tá roinnt gearrthóga gearra físeán a bhaineann le Ríomhnascadh:
• Ríomhnascadh i gcomhthéacs – Ospidéal an Rí https://youtu.be/2PBNYF3X63M
• Ríomhnascadh i gcomhthéacs - Iar-bhunscoil Mhaigh Nuad https://youtu.be/-HrU9Mlx9Xc
• Ríomhnascadh - Coláiste an Chomaraigh, Co Thiobard Árann https://youtu.be/DJ1euOIqnOI
• Comhdháil Náisiúnta Ríomhnasctha, Márta 2022, Imeacht iomlán https://youtu.be/iKSs6lGEG0w
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
19