How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 22
Erasmus+
Erasmus+ Is é Erasmus+ clár an AE chun tacú le hoideachas, traenáil, an óige agus spórt san Eoraip.
Cuireann clár 2021-2027 béim láidir ar ionchuimsiú sóisialta, ar na haistrithe glasa agus digiteacha,
agus ar rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach. Meastar go bhfuil buiséad €26.2 billiún
ann. Tá 27 ball stáit san AE agus daonra iomlán de 447 milliún duine.
Tabharfaidh 70% de bhuiséad Erasmus+ tacaíocht do dheiseanna do gach duine bogadh timpeall,
i bhfoghlaim fad saoil. Tabharfaidh Erasmus+ maoiniú ar fáil d’fhoghlaim fhadtéarma agus
ghearrthéarma scoláirí, ag cur deiseanna thar lear ar fáil do dhaoine aonair agus do ranganna
iomlána. Is clár iontach é Erasamus+, le buiséad mór, agus is fiú an rogha seo a iniúchadh.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Threoir Clár Erasmus+:
https://erasmus-plus.ec.europa.eu/erasmus-programme-guide
Príomhghníomh 1:
Creidiúnú Erasmus i réimsí an ghairmoideachais agus traenála, oideachas scoile agus oideachas aosach
Is uirlis é creidiúnú Erasmus le haghaidh eagraíochtaí i ngairmoideachas agus traenáil (GOT/VET), in oideachas scoile
agus in oideachas aosach atá ag iarraidh tosú ar mhalartú agus comhoibriú trasteorann. Maidir leis na hiarrthóirí ar
chreidiúnú Erasmus a bhfuil rath orthu, beidh rochtain acu ar dheiseanna mhaoiniú Phríomhghníomh 1, i bhfoirm
tionscadail soghluaisteachta creidiúnaithe.
Príomhghníomh 1:
Soghluaisteacht do scoláirí agus don fhoireann in oideachas scoile
Tá dhá phríomhchineál tionscadail a bhaineann le hoideachas scoile in Erasmus+ (i) ‘Tionscadail ghearrthéarma do
shoghluaisteacht scoláirí agus foirne’ agus (ii) ‘Tionscadail chreidiúnaithe do shoghluaisteacht scoláirí agus foirne.’
Leagan amach ar shoghluaisteacht foghlaimeora:
• Grúpshoghluaisteacht scoláirí (2 lá go 30 lá, dhá scoláire ar a laghad i ngach grúpa)
• Foghlaim soghluaisteacht scoláirí sa ghearrthéarma (10 lá go 29 lá)
• Foghlaim soghluaisteacht scoláirí san fhadtéarma (30 lá go 365 lá)
Tabhair faoi deara, don ghrúpshoghluaisteacht, i gcás múinteoirí nó foireann cháilithe eile ón scoil a chuireann scoláirí
thar lear, is gá dóibh taisteal leis na scoláirí chomh fada agus a mhaireann an ghníomhaíocht, agus is gá dóibh an
próiseas foghlama a threorú. Is iad Léargas atá freagrach as Erasmus+ i scoileanna in Éirinn, is é https://www.leargas.ie a
suíomh idirlín. Is é seo an rannóg ar Shoghluaisteacht Oideachas Scoile ar Erasmus+: https://www.leargas.ie/erasmusplus/mobility-projects/school-education/. Mar achoimre, tá 727 iar-bhunscoil liostáilte ar shuíomh na Roinne Oideachais,
agus tá gach ceann acu sin i dteideal cur isteach ar mhaoiniú Erasmus+. In 2022, fuair 12 iar-bhunscoil maoiniú faoi KA121,
Soghluaisteacht d’fhoghlaimeoirí agus d’fhoireann in eagraíochtaí creidiúnaithe. Fuair 29 iar-bhunscoil maoiniú faoi KA122,
Tionscadail ghearrthéarma soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí agus don fhoireann.
Scéim mhaoinithe do Mhalartuithe Scoile
Scéim mhaoinithe do Mhalartuithe Scoile Tairgeann TIBÉ/PPLI Scéim Mhaoinithe do Mhalartuithe Scoileanna mar
chuid de Languages Connect, feachtas chun aird a dhíriú ar an luach a bhaineann le foghlaim teanga agus le ham a
chaitheamh thar lear. Is féidir le scoileanna cur isteach ar mhaoiniú chomh hard le €15,000 an ceann, thar thréimhse trí
bliana, chun costais malartuithe a chur ar fáil, amhail eitiltí, chun scoláireachtaí a chur ar fáil do scoláirí nach mbeadh
ábalta páirt a ghlacadh ann gan é, nó do riachtanais eile, aitheanta ag an scoile chun cur le foghlaim teangacha ar an
malartú. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh Languages Connect www.languagesconnect.ie agus ar chainéil mheáin
shóisialta.
20
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
20