How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 25
Litir shamplach chuig
tuismitheoirí/caomhnóirí
[Dáta]
Malartú [teanga] le [ainm na scoile] i [tír]
[Dátaí a mholtar don mhalartú}
A thuismitheoirí/chaomhnóirí dhil,
Mar is eol duit, tá Roinn [teanga] an/na [ainm na scoile] ag pleanáil malartú teanga i rith na bliana acadúla
2023/24, leis an scoil malairte: [ainm na scoile malairte]. Tá an malartú seo oscailte do gach scoláire atá ag
déanamh staidéir ar [teanga] sa [1ú/2ú/3ú/4ú/5ú/6ú] bliain.
Mar a tharlaíonn i malartú, caithfidh ár scoláirí [fad a mhaireann an malartú] i [ainm an bhaile] timpeall [na dátaí
a mholtar don mhalartú] agus caithfidh scoláirí na [náisiúntacht] seachtain amháin i [ainm bhur mbaile], agus tá
súil acu teacht ar [na dátaí seo].
Don mhalartú, meaitseáltar na scoláirí le scoláirí na [náisiúntacht]. Déanfaidh siad teagmháil le chéile ar
[ríomhphost/litir]. Agus iad sa [tír], fanfaidh scoláirí leis na scoláirí malairte ina dteach. Nuair a thiocfaidh scoláirí
na [náisiúntacht] go hÉirinn, fanfaidh siad leis na scoláirí Éireannacha ina dteach siúd. Is gá go mbeadh a s(h)
eomra féin ag an scoláire [náisiúntacht]. Rachaidh scoláirí na [náisiúntacht] ar thurais eagraithe agus ar scoil agus
iad i [bhur mbaile]. Ba chóir an gnáthamh teaghlaigh a leanúint ag an deireadh seachtaine, má thiteann sé i rith
an mhalartaithe.
Ag brath ar éileamh ónár scoil mhalairte, seans go mbeidh líon teoranta scoláirí a bheidh ábalta dul. Má tharlaíonn
sé sin, roghnófar scoláirí, bunaithe ar an rannpháirtíocht agus spreagadh do [teanga] go dtí seo sa rang. Cuirfear
san áireamh freisin a ndíograis maidir le hobair bhaile agus iompar. Má tá ró-éileamh ar áiteanna, seans go mbeidh
gá le crannchur chun cinneadh a dhéanamh.
Beidh costas thart ar €[méid] i gceist, gan airgead póca san áireamh (fágtar an cinneadh sin faoi thuismitheoirí) . Is
féidir an t-airgead a íoc i [líon na n-íocaíochtaí] tráthchuid ó [dáta]. Is gá éarlais neamh-inaisíoctha a íoc faoi [dáta].
Tabhair faoi deara go bhféadfadh cailín nó buachaill a bheith i gceist leis an scoláire malairte. Meaitseáltar scoláirí
bunaithe ar chaithimh aimsire. Ní féidir inscne an scoláire malairte a roghnú.
Dá mba mhaith leat go nglacfadh do [mhac/iníon] páirt sa mhalartú, cuir ríomhphost ó do chuntas (ní cuntas do
[mhic/iníne]) chuig [seoladh ríomhphoist] faoi [am] ar an [dáta]. Cuir san áireamh ann:
1. Ainm do pháiste
2. Rang do pháiste
3. D’ainm féin (Tuismitheoir/Caomhnóir)
Déanfaimid teagmháil leat le tuilleadh eolais tar éis clárúcháin. Idir an dá linn, iarraimid ort a chinntiú go bhfuil pas
bailí agus Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS/EHIC) ag do pháiste.
Tabhair faoi deara go ndéanfar gach cumarsáid ar ríomhphost. Má chruthaíonn sé seo fadhb, abair linn láithreach.
Mise le meas,
[Síniú]
[Ainm]
[Teideal poist]
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
23