How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 26
Sampla de litir/ríomhphost tairsceana
[Dáta]
[Ainm agus dátaí malartaithe]
A thuismitheoir/A Chaomhnóir,
Is cúis áthais dúinn áit a thairiscint do do [mhac/iníon] ar an [ainm agus dátaí an mhalartaithe]. Táimid ag súil go mbeidh eispéireas
dearfach ag do [mhac/iníon].
Is é €[méid] an costas iomlán a bheidh ar an turas.
Tá sé riachtanach go ndéanfaidh tú teagmháil liom go tapa má tá fadhb ar bith ann maidir le híocaíocht. Is féidir úsáid a bhaint as
aon cheann de na sonraí teagmhála ag bun na litreach seo.
San áireamh sa chostas tá:
[Liostaigh na costais anseo. Seans go mbeidh lóistín, eitiltí, iompar, béilí, árachas, iarratais ar víosaí, trealamh nó
gníomhaíochtaí san áireamh]. Níl na nithe seo san áireamh sa chostas: [liostaigh na nithe nach bhfuil san áireamh].
Cáipéisí taistil
Cuir cóip chugam de phas do pháiste mar aon le Carta Eorpach um Árachas Sláinte [ainm ball foirne/ríomhphost] chomh luath
agus is féidir. Úsáidfear é seo chun córas taistil a chur in áirithe. Stórálfar gach sonra go sábháilte.
Cruinnithe roimh mhalartú
Cuirfear scoláirí agus tuismitheoirí ar an eolas faoin malartú ag na cruinnithe seo. Molaimid go láidir duit freastal ar na cruinnithe ar
fad. Mura bhfuil tú ábalta freastal ar chruinniú, déan teagmháil le [ball den fhoireann] le cinntiú go bhfuil an t-eolas cuí ar fad agat.
[Liostaigh na cruinnithe – dáta; áit; an mbaineann sé le tuismitheoirí agus/nó le scoláirí? An áit a mbeidh an t-eolas ar fáil: suíomh;
Twitter; ardán; ríomhphost; agus araile.]
Is é seo an plean turais don mhalartú: [liostaigh an plean do gach lá den mhalartú].
Obair thionscadail: beidh na rudaí seo san áireamh –
[Má tá obair thionscadail in bhur dturas, m.sh. do thionscadal ríomhnasctha, liostaigh roinnt de na príomhghníomhaíochtaí/torthaí
foghlama de chuid an tionscadail].
Íocaíocht
An chéad tráthchuid a íoc – éarlais neamh-inaisíoctha €[méid] chomh luath agus is féidir, ach faoi [spriocdháta deiridh] ar a dhéanaí.
Is féidir an íocaíocht seo a dhéanamh tríd an scoil [córas íocaíochtaí scoile/airgead tirim ag oifig na scoile/seic chuig an scoil].
An dara tráthchuid - €[méid] faoi [spriocdháta deiridh].
An tráthchuid deiridh - €[méid] faoi [spriocdháta deiridh].
Briseadh síos ar íocaíochtaí míosúla - €[méid] in aghaidh na míosa. [Tabhair briseadh síos ar chostas iomlán an turais thar thréimhse
míonna – seans go mbeadh sé seo níos éasca do go leor tuismitheoirí/caomhnóirí].
Má shíleann tú nach mbeidh tú ábalta teacht ar an malartú, ag pointe ar bith sula n-íocann tú an éarlais, pléigh liom é chomh luath
agus is féidir mar go bhfuil seans ann gur féidir linn tacaíocht airgid a thabhairt.
Sábháilteacht
Tabharfar tús áite do shábháilteacht ar an turas.
Tá mé ag súil le freagra a fháil uait agus fáilte a chur romhat ag an gcruinniú eolais, áit a dtabharfaimid tuilleadh eolais faoi thuras
malartaithe do pháiste. Mura bhfuil tú ábalta a bheith i láthair, iarraim ort é sin a chur in iúl dúinn chomh luath agus is féidir.
Mise le meas,
[Ainm]
[Teideal poist]
[Sonraí teagmhála]
24
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
24