How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 27
Liosta samplach de rudaí le déanamh
Sula dtéann tú thar lear
• Cuir litir chuig an mBord Bainistíochta le faomhadh a
fháil
• Faigh meastacháin don taisteal (eitiltí, bád
farantóireachta, bus agus araile)
• Tabhair litir eolais do na scoláirí
• Cláraigh ainmneacha agus sonraí teagmhála scoláirí a
léiríonn suim (féach an tábla samplach)
• Má chaitheann sibh am sa scoil mhalairte, pléigh na
socruithe, amhail rialacha maidir le gutháin phóca,
amanna, líon na scoláirí chun dul chuig ranganna
éagsúla, ceaintín (cé a íocann), gníomhaíochtaí a
dhéanamh le chéile (treodóireacht, cluichí, drámaíocht
agus araile), bualadh le feidhmeannaigh an bhaile agus
araile.
• Faigh meastacháin árachais
• Cuir an guthán scoile in áirithe (más ann do cheann)
• Cuir an t-árachas in airithe
• Eagraigh an cruinniú do thuismitheoirí/scoláirí (téigh i
gcomhairle le hairíoch agus araile)
• Cuir eitiltí/ticéid don bhád farantóireachta in áirithe
(uaireanta is ag pointe níos moille a bhíonn ainmneacha
ag teastáil)
• Eagraigh cur i láthair: cuir príomhdhátaí san áireamh;
plean turais; rialacha; mar a bheidh sé as baile; bia a
thriail; rannpháirtíocht i saol an teaghlaigh; rudaí le
bheith ag súil leo; ceisteanna agus freagraí; gnás feistis
(smaoinigh ar na séasúir agus ar na gníomhaíochtaí);
liosta cáipéisí a bheidh uait; uimhir ghutháin ag a
mbeidh tú ar fáil; srianta bagáiste
• Má úsáideann tú bus, dearbhaigh na hamanna, áit a
mbaileofar sibh, uimhir ghutháin an tiománaí, criosanna
sábhála, agus araile
• Ullmhaigh an plean turais (féach an sampla)
• Cuir an plean turais chuig na tuismitheoirí
• Tabhair cuireadh do thuismitheoirí/chaomhnóirí chuig
an gcruinniú
• Iarr ar na scoláirí na foirmeacha a líonadh isteach (féach
an sampla)
• Nuair a bheidh liosta scoláirí agat, seiceáil le ceann
bliana/bainistíocht/treoirchomhairleoir an bhfuil aon
fhadhb ar chóir duit a bheith ar an eolas fúithi. Déan
teagmháil le tuismitheoir/caomhnóir más gá.
• Meaitseáil scoláirí le páirtithe
• Cinntigh líon na scoláirí leis an scoil mhalairte
• Seiceáil na meastacháin d’eitiltí/bád farantóireachta/bus
• Eagraigh na híocaíochtaí ó thuismitheoirí/chaomhnóirí (ar
líne/oifig)
• Cuir scoláirí i dteagmháil lena bpáirtithe (scríobh
litreacha, ríomhphoist nó bíodh seisiún Zoom/Skype
agaibh, agus bíodh a gcumarsáid féin acu, de ghnáth ar
mheáin shóisialta)
• Seiceáil íocaíochtaí agus foirmeacha
• Bíodh cóip den phlean turais agat do gach teaghlach
óstach
• Cinntigh na háiteanna (cuir litir/ríomhphost samplach)
• Cuir ar ríomhphost na foirmeacha ar gá dóibh a bheith
líonta (foirm leighis, cód iompair, agus cead do na
húdaráis)
• Faigh meastachán do lóistín na múinteoirí (más gá)
• Lean ort ag uasdátú an eolais ar an gcáipéis scoláire. Cuir
amach meabhrúchán faoin bpas, CEÁS/EHIC
(https://www.hse.ie/eng/services/list/1/schemes/ehic/)
agus foirm leighis.
• Má chuireann tú na turais in áirithe tú féin, déan é sin
do scoláirí agus do mhúinteoirí. Uaireanta, gheobhaidh
tú praghas níos fearr má chuireann an scoil mhalairte
in áirithe duit é, agus má tharlaíonn sin, eagraigh aisíoc.
Cinntigh uimhreacha leis an ionad agus faigh amach an
bhfuil sé saor in aisce do mhúinteoirí a théann leis na
scoláirí. Dearbhaigh am teachta; dearbhaigh carrchlós
don bhus agus araile.
Roimh Imeacht
• Faigh guthán na scoile agus luchtaire
• Iarr ar scoláirí a gcuid uimhreacha, céad ainm agus
sloinne a shábháil ar an nguthán
• Smaoinigh ar chuibheoirí (bíodh cinn le spáráil agat mar
go mbíonn scoláire amháin gan cheann i gcónaí)
Lá Imeachta
• Agus scoláirí ag teacht ar an mbus/ag an aerfort, iarr
orthu a bpasanna a thaispeáint. B’fhéidir go mb’fhearr
leat iad a bhailiú agus a thabhairt amach nuair a bheidh
siad ag teastáil.
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
25