How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 28
Liosta samplach de rudaí le déanamh
Fáiltiú roimh pháirtithe malairte
• Seiceáil am teachta
• Bíodh cruinniú agat le tuismitheoirí sula dtiocfaidh na
páirtithe: téigh trí na rialacha i gcás éigeandála, sonraí
teagmhála, am teachta, páirceáil, liosta nithe le bheith
réidh do na scoláirí, agus araile.
• Cuir seomra in áirithe don fháilte
• Cóisir Fáiltithe: eagraigh bia agus deochanna (bia ó
lónadóireacht/tuismitheoir/caomhnóir)
• Maisigh an seomra
• Cuidigh le lóistín na múinteoirí (más gá)
• Má tá múinteoirí malairte ag fanacht i lóistín
féinfhreastail, fiafraigh an bhfuil aon riachtanais
chothaithe acu. Ansin ceannaigh roinnt rudaí don
bhricfeasta
malairte bualadh le chéile ar maidin do thionól gairid
• Eagraigh cuairt ar na ranganna ó scoláirí/múinteoirí
malairte. Iarr ar chomhghleacaithe cé mhéad scoláire/
múinteoir a bheadh siad sásta ligean isteach ina gcuid
ranganna, agus cén rang ar chóir dóibh freastal air (féach
foirm shamplach)
• Dearbhaigh líon na scoláirí/múinteoirí le
comhghleacaithe.
• Ullmhaigh liosta/póstaer le hainmneacha na scoláirí agus
ionaid na ranganna éagsúla. Ba chóir do scoláirí óstacha
turas a thabhairt do scoláirí malairte sula dtosaíonn an
scoil, ionas go bhfuil siad ábalta a mbealach a aimsiú.
• Smaoinigh faoi bhualadh leis an méara/ionadaí áitiúil.
• Cuir grianghrafadóir agus iriseoir ó nuachtán áitiúil in
áirithe
• Cuir seomra in áirithe i do scoil, áit ar féidir le páirtithe
I rith an mhalartaithe
• Béile leis an mBord Bainistíochta agus na múinteoirí ar
fad a bhí páirteachd
• Seiceáil isteach gach maidin le scoláirí na hÉireann
(an bhfuil lón ag a bpáirtithe, an bhfuil siad ag ithe, ag
glacadh páirt sa ghnáthshaol; agus araile)
• Smaoinigh ar gheandáil ghasta a dhéanamh le do rang
teanga (20 nóiméad sa sprioctheanga agus 20 nóiméad i
nGaeilge/Béarla) [SPK1]
• Searmanas bronnta ag deireadh an mhalartaithe le
duaiseanna. Más féidir, tabhair cuireadh do na scoláirí
a bhfuil suim acu sa mhalartú an bhliain seo chugainn.
D’fhéadfaí cruinniú eolais do na tuismitheoirí don bhliain
seo chugainn a dhéanamh as. Is é an searmanas bronnta
an chéad chuid den ócáid, agus ansin iarr ar scoláirí
labhairt faoin eispéireas a bhí acu ar an malartú. Is féidir
cruinniú eolais a eagrú am eile ina dhiaidh seo ag pointe
éigin eile.
• Am ar scoil: smaoinigh ar am lóin agus mar a
mheascfaidh na scoláirí malairte
Lá Imeachta
• Faigh cead do scoláirí an rang a fhágáil chun slán a rá
• Bíodh scálaí agat chun bagáiste a mheá
• Iarr ar bhall den fhoireann nach bhfuil páirteach sa
mhalartú an grianghraf deireanach den ghrúpa a thógáil,
ionas go bhfuil gach duine ann
• Cuir seomra in áirithe áit ar féidir an bagáiste a choinneáil
don lá. Agus áit ar féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí/
scoláirí na hÉireann teacht chun slán a rá lena bpáirtithe
malairte sula bhfágfaidh siad
Tar éis an mhalartaithe
• Ceistneoirí aiseolais (ar líne do thuismitheoirí/
chaomhnóirí agus scoláirí)
• Bailigh tionscadail scoláirí
26
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
26