How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 32
Sampla de chód iompair
[Ainm agus dátaí an mhalartaithe]
Cód iompair do scoláirí ar thurais/mhalartuithe scoile
Dearadh an cód iompair seo chun cuidiú leat tuiscint a fháil ar an méid a bhfuiltear ag súil leis uait agus tú ag
glacadh páirt sa mhalartú chuig [ainm na tíre].
Aontaím:
• Go mbeidh a fhios agam i gcónaí cá bhfuil an múinteoir i bhfeighil agus conas dul i dteagmháil leis/léi.
Cinnteoidh mé go bhfuil a fhios acu cá bhfuil mé féin
• Go nglacfaidh mé leis an gcód iompair a aontaíodh roimh ár dturas;
• Go rachaidh mé chuig gach rang agus chuig gach gníomhaíocht a eagrófar;
• Go gcaithfidh mé éadaí atá oiriúnach do ranganna agus go mbeidh éadaí níos foirmeálta agam d’imeachtaí
foirmeálta;
• Go ndéanfaidh mé comhoibriú le foireann eagraithe an turais agus go mbeidh mé tráthúil;
• Go mbeidh mé glan néata, gléasta go slachtmhar agus dea-mhúinte;
• Go mbeidh mé ciúin tuisceanach agus muid ag taisteal;
• Go gcoinneoidh mé mo chrios sábhála ceangailte agus muid ag taisteal;
• Go mbeidh meas agam ar mo theaghlach óstach, a bhfoireann agus an scoil óstach;
• Go gcoinneoidh mé mo sheomra glan néata;
• Go rachaidh mé a luí ag an am a deirtear ionas go mbeidh mé ábalta sult a bhaint as gach gníomhaíocht;
• Go mbeidh mé freagrach as mo mhaoin féin;
• Go n-inseoidh mé do mo mhúinteoir má tá aon rud ag cur isteach orm, ionas gur féidir leis/léi cabhrú liom;
• Go gcuirfidh mé an múinteoir ar an eolas má tá duine ar iarraidh nó i dtrioblóid, nó má fheicim aon eachtra
míchuí;
• Go mbeidh meas agam ar dhlíthe, nósanna agus cultúr áitiúla, rialacha agus rialachas institiúidí;
• Go mbeidh mé réidh a bheith solúbtha, oscailte agus cás dúshlánach romham;
• Go meascfaidh mé go hiomlán le scoláirí na scoile malairte, agus go n-úsáidfidh mé é seo mar dheis chun
cairde nua a dhéanamh;
• Go n-úsáidfidh mé meáin shóisialta i rith an turais faoi réir an pholasaí scoile/iompair maidir le meáin shóisialta;
• Go mbeidh mé deas le baill eile an ghrúpa agus go gcomhoibreoidh mé leo;
• Go mbeidh mé i m’ambasadóir do mo scoil agus do mo cheantar áitiúil.
Tuigim go bhfuil rialacha na scoile fós i bhfeidhm. Cuirfear smacht orm agus seans go gcuirfear abhaile mé, ar
chostas mo thuismitheoirí, má bhainim mí-úsáid as gutháin phóca nó teicneolaíocht, má bhím míchineálta nó
doicheallach, má tá baint agam le toitíní, substaintí mídhleathacha, gníomhaíochtaí gnéasúla, nó má cheannaím
alcól.
Ainm scoláire:
Síniú an scoláire:
Dáta:
30
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
30