How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 37
Sampla de chód iompair do
scoláirí maidir le grianghraif agus
úsáid gléasanna móibíleacha
Glacadh grianghraf agus úsáid gléasanna móibíleacha ar an malartú [teanga]
Agus mé ar an malartú, aontaím [ainm iomlán an scoláire]:
• Go n-iarrfaidh mé cead ar an múinteoir sula nglacaim grianghraf
• Nach dtógfaidh mé grianghraf de scoláirí eile, gan cead uathu.
• Go scriosfaidh mé grianghraf a ghlac mé de scoláirí eile nó ina raibh mé le scoláirí eile má iarrann siad orm é a dhéanamh.
• Go gcuirfidh mé scoláirí eile ar an eolas más mian liom grianghraf a úsáid ar mheáin shóisialta nó é a roinnt le daoine eile. Má
dhiúltaíonn siad, níl cead agam é a chur suas ná a roinnt.
• Go gcuirfidh mé gach gléas móibíleach ar shiúl i rith am teaghlaigh le mo theaghlach óstach.
• Go n-iarrfaidh mé cead ar mo theaghlach óstach le húsáid a bhaint as mo ghléas móibíleach agus as a nasc Wi-fi.
Tabhair faoi deara, mura gcloíonn tú leis na rialacha seo, d’fhéadfaí do cheamara nó do ghléas móibíleach a bhaint díot.
__________________________
_______________________
Síniú an scoláire
Dáta
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
35