How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 4
Réamhrá
“I mí na Nollag 2017, seoladh Languages Connect,
Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in
Éirinn. I nGníomh 1.D.1 sa Stráitéis deirtear ‘smaoinigh ar
bhealaigh chun níos mó scoláirí sa tsraith shinsearach
a spreagadh, go háirithe san idirbhliain, chun tairbhe
a bhaint as deiseanna malartuithe teanga.”
Tá 8 mbilliún duine ar domhan, 748 milliún san Eoraip agus
5 mhilliún in Éirinn Níl Éire ar an liosta den 100 tír is mó daonra. Sa deireadh,
is tír bheag í Éire, agus tá daonra beag aici. Mar sin, chun páirt a ghlacadh i
saol an domhain mhóir, is gá dúinn a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh le
daoine eile, agus taithí a fháil ar an domhan taobh amuigh d’Éirinn. Is féidir le
teangacha, taisteal agus múinteoirí teangacha é sin a dhéanamh níos éasca.
Tá an lámhleabhar agus an tsraith acmhainní seo bunaithe ar roinnt de na
riachtanais a aithníodh in aiseolas a fuarthas ó mhúinteoirí, bunaithe ar a dtaithí ar
mhalartuithe scoile.
2
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile