How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 5
Malartú Scoile
I malartuithe scoile, taistealaíonn grúpa scoláirí agus
múinteoiríthar lear, fanann siad le teaghlaigh óstacha agus
ansin déanann siad óstáil lena gcuid páirtithe malartaithe
agus iad in Éirinn. Is bealach iontach iad chun eispéireas
a fháil ar a bheith sáite sa teanga agus ar an mbealach
a maireann teaghlaigh i dtír na sprioctheanga
I gcás 55% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé
againn, dúirt siad go raibh malartú scoile sa scoil
acu. B’fhéidir go spreagfaidh an t-eispéireas a
bhí acu na 45% eile chun malartú a thosú.
Samplaí de mhalartuithe scoile a raibh rath orthu
Féach ar na gearrthóga seo a leanas chun tuiscint a fháil ar cad is malartú rathúil scoile ann. Tá blaiseadh den taithí
oibre sna malartuithe áirithe seo. Cuirfear samplaí eile ar fáil amach anseo.
https://vimeo.com/277416564
https://vimeo.com/277417214
Tá sé mar aidhm ag na gearrthóga físe aird a dhíriú ar roinnt de na buntáistí a bhaineann le malartuithe scoile do
mhúinteoirí teanga, agus chomh maith leis sin, do mhúinteoirí ábhar eile, do phríomhoidí, do thuismitheoirí agus
do scoláirí.
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
3