How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 6
Roinnt rudaí le cur san
áireamh ag an tús
Mura bhfuil malartú scoile i do scoil agus dá mba mhaith leat ceann a thosú, tá sé anchabhrach na rudaí a leanas a shocrú:
• Múinteoir fonnmhar teanga, nó ag brath ar mhéid na scoile, foireann fhonnmhar
múinteoirí teanga
• Múinteoirí tacúla in ábhair eile
• Príomhoide agus bainistíocht atá tacúil
• Scoláirí fonnmhara
• Tuismitheoirí fonnmhara a thuigeann gur rud dhá bhealach é malartú scoile, agus má
fháiltíonn siad roimh scoláire malairte, cuirfidh teaghlach an scoláire sin fáilte roimh a
bpáiste féin.
Má tá aon cheann de na pointí thuas in easnamh, beidh ort buntáistí malartú scoile a mhíniú
do scoláirí, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus don scoil. Ba chóir go gcuideodh na
gearrthóga físe iad a chur chun cinn.
Buntáistí malartú
scoile
• Feabhas ar scileanna teanga (taithí a fháil ar an sprioctheanga san fhíorshaol, feabhas ar
mharcanna Ardteiste)
• Ocailt súl do scoláirí ar bhealach nua smaointeoireachta
• Cuma mhaith ar an CV
• Foghlaimíonn scoláirí conas a bheith níos neamhspleáiche (tagann méadú ar a muinín)
• Foghlaimíonn scoláirí a bheith buíoch as a bhfuil acu
• Cairde nua (seansanna le haghaidh taithí oibre, deiseanna poist agus malartuithe
teaghlaigh)
• Deis eolas a chur ar chultúr tír eile
• Deis blaiseadh den saol le teaghlach eile i dtír eile (gach seans go bhfaighidh scoláirí tríú
leibhéal taithí ar áras cónaithe scoláirí, rud atá go hiomlán difriúil le fanacht le teaghlach)
Scoil mhalairte a
aimsiú
Chomh luath is atá cead na bainistíochta faighte chun malartú scoile a thosú, agus
chomh luath is atá múinteoirí eile páirteach chun an obair a roinnt, is é an chéad chéim
eile ná scoil mhalairte a aimsiú. Seo a leanas moltaí chun teacht ar scoil mhalairte:
• Bíonn cairde ag a lán múinteoirí teanga, agus teagmhálaithe a rinne siad thar lear. Is
pointe tosaigh iad sin.
• Tá Erasmus ar siúl le breis agus 35 bliain, agus dá bharr sin, gach seans go mbeidh cairde
agus teagmhálaithe ag múinteoirí eile i do scoil.
• Tá a lán taithí ag muintir na hÉireann ar imirce, agus dá bharr sin, tá a lán daoine a bhfuil
cairde agus teaghlach acu ina gcónaí i dtíortha eile. Úsáid na teagmhálaithe atá agat mar
phointe tosaigh.
• Tá roinnt bailte nasctha le baile den chineál céanna thar lear. Faigh amach an bhfuil do
bhaile nasctha, agus má tá, faigh amach an bhfuil malartú ag na scoileanna ann. Mura
bhfuil do bhaile nasctha, tá maoiniú ar fáil ó Choimisiún na hEorpa faoin gClár um an
Eoraip ar son na Saoránach.
• Is tír í Éire ina labhraítear Béarla agus Gaeilge ar ndóigh. Tar éis an Bhreatimeachta in
2020, tá go leor scoileanna thar lear a bhfuil fonn orthu scoil mhalairte a aimsiú i dtír
san AE ina bhfuil an Béarla in úsáid. Is minic a théann na scoileanna sin i dteagmháil le
cumainn múinteoirí teanga agus scoileanna malairte á lorg acu. Tarlaíonn an rud céanna
le speisialtóirí oideachais sna hambasáidí agus sna hinstitiúidí cultúrtha. Agus seans freisin
go mbeidh suim ag na scoileanna seo i gcultúr na hÉireann agus sa Ghaeilge.
)
4
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
• Tá clár ‘Ríomhnasctha’ ag Coimisiún na hEorpa, ní hí aidhm an chláir sin scoil mhalairte
a aimsiú, ach oibríonn sé go maith chuige sin. I gcás scoileanna malairte, is féidir
féidearthachtaí a scagadh faoi theanga, tír, ceantar, baile, cineál scoile, agus mar sin de.