How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 7
Nuair a bheidh múinteoir malairte aimsithe agat agus nuair a aontóidh bainistíocht na
scoile sin leis an malartú scoile, is féidir leat an chéad bhliain a phleanáil. Beidh ort féin
agus ar do mhúinteoir malairte tréimhse a shocrú don mhalartú, cinneadh a dhéanamh
faoin mbliainghrúpa a bheidh páirteach, agus clár a dhearadh in Éirinn agus i dtír na
sprioctheanga. Chomh luath is atá a fhios agaibh cé na scoláirí a bheidh páirteach,
beidh oraibh iad a mheaitseáil go cuí le páirtithe malairte, agus ansin is féidir na heitiltí
a chur in áirithe. Mar is gnách le himeacht ar bith, is gá an phleanáil a dhéanamh.
Beidh sé úsáideach smaoineamh ar na nithe seo agus tú ag pleanáil:
Costas:
Go hideálach caithfidh praghas réasúnta a bheith ar an malartú. Ba chóir iarracht a dhéanamh i
gcónaí na costais a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ná déan dearmad go mbeidh costais eile
i gceist, má tharlaíonn an malartú i rith na hidirbhliana, beidh a lán turais scoile lae agus araile ann,
agus beidh buiséadú dúshlánach do thuismitheoirí. Ar an iomlán, ba chóir go mbeadh malartú scoile
níos éifeachtúla ó thaobh costais de ná turas scoile thar lear, mar nach mbíonn costas i gceist don
lóistín. Molann roinnt múinteoirí go mbeadh cuntas coigiltis ag scoláirí don mhalartú amháin. Molann
múinteoirí eile go mbeadh fógra i bhfad roimh ré acu chun tosú ar airgead a shábháil bliain roimh ré.
Moltar freisin go mbeadh post samhraidh/deireadh seachtaine ag scoláirí chun íoc as iad féin.
Oiriúnach don
aois:
Eagraíonn roinnt scoileanna malartuithe scoile sa 2ú bliain, roinnt eile sa 5ú bliain, ach is san idirbhliain
a eagraítear an chuid is mó acu. Faoin am sin, bíonn trí bliana den fhoghlaim teanga ag scoláirí agus
ba chóir go mbeadh siad aibí go leor chun am a chaitheamh as baile. De ghnáth, bíonn an idirbhliain
níos solúbtha ná blianta eile, agus mar sin, oibríonn malartú go maith. Tá sé tábhachtach go mbeadh an
aoisghrúpa céanna i gceist sa dá scoil.
Leanúnachas:
Oibríonn malartuithe go maith nuair atá leanúnachas i gceist mar go gcruinnítear teagmhálaithe agus
taithí luachmhar de réir a chéile.
Ord:
Ceapann roinnt múinteoirí go mbíonn scoláirí na hÉireann níos muiníne má bhuaileann siad lena
bpáirtithe malairte roimh thaisteal. Is fiú smaoineamh ar chuireadh a thabhairt go hÉirinn do na páirtithe
malairte ar dtús, agus ansin an dara leath den mhalartú a dhéanamh roinnt míonna ina dhiaidh sin.
Dúthracht:
Tá gá le múinteoirí dúthrachtacha díograiseacha ar féidir leo an obair a roinnt. Glacann sé am agus
iarracht malartú rathúil scoile a eagrú, agus de ghnáth ní tionscadal bliana atá ann. De réir a chéile a
thógtar na caisleáin. Tá gá le foighne agus diongbháilteacht, go háirithe sa chéad chúpla bliain. Caithfidh
múinteoirí a bheith sásta am a chaitheamh thar lear, ach go hidéalach, roinnfear an obair idir an roinn
teangacha agus na múinteoirí eile. Bíonn sé níos éasca an malartú scoile a láimhseáil má tá cur chuig
uile-scoile ann. Beidh seans níos mó ann go leanfaidh sé amach anseo freisin.
Cumarsáid:
Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh cumarsáid mhaith leanúnach agat le do pháirtí malairte. Is gá duit
teacht ar scoil chuí agus ar pháirtí malairte a bhfuil tú compordach ag obair leis/léi. Tá sé tábhachtach
a bheith chomh hoscailte, chomh hionraic agus chomh dúthrachtach agus is féidir. Baineann sé seo le
cumarsáid idir an scoil in Éirinn agus an scoil mhalairte, chomh maith le cumarsáid idir baill na foirne sa
scoil in Éirinn, agus le bainistíocht na scoile, scoláirí agus tuismitheoirí.
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
5