How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 8
Comhfhreagras: Tugann roinnt múinteoirí faoi deara go gcuidíonn comhfhreagras roimh an malartú le scoláirí aithne a
chur ar a gcuid páirtithe malartaithe.
Maoiniú:
Tá Maoiniú do Scéim Malartaithe Scoile ag TIBÉ/PPLI. Is féidir le scoileanna cur isteach ar suas go €5,000 in
aghaidh na bliana ar feadh trí bliana. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín Languages Connect.
Tá maoiniú Erasmus+ ar fáil d’iar-bhunscoileanna. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín Léargas.
Grinnfhiosrúchán Níl treoir ar bith ón Roinn Oideachais maidir le grinnfhiosrúchán do mhalartuithe scoile. I gciorclán ROS
0031/2016, ní luaitear grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do chláir mhalartuithe teanga. Níl polasaí
an Gharda
sonrach ná treoir maidir le grinnfhiosrúchán do mhalartuithe ag Comhchoiste na mBainisteoirí (CB/
Síochána:
JMB), ach molann siad do scoileanna grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar theaghlaigh, in Éirinn agus thar
lear araon. Ofrálann siad fosta grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do theaghlaigh a bhfuil suim acu
i malartú ina gcuid scoileanna. Níl aon pholasaí ná treoir ón mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO/
ETB) faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do mhalartuithe teanga – roghnaíonn gach BOO de
na sé cinn déag cé acu a thabharfaidh nó nach dtabharfaidh siad comhairle do scoileanna maidir le
grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.
Molann roinnt BOO é agus oibríonn siad leis na scoileanna leis an bpróiseas. Níl polasaí ná treoir
ag BOO eile (BOO i Maigh Eo, i Sligeach & i Liatroim; BOO i gCabhán agus i Muineachán). Tá polasaí
ag Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL) a deir má tá scoláirí
iasachta ag teacht chun fanacht le teaghlaigh ó cheann dá gcuid scoileanna, iarrann siad go ndéantar
grinnfhiosrúchán ar gach ball den teaghlach i dteach an óstaigh atá os cionn 18 mbliana d’aois.
Braitheann grinnfhiosrúchán an teaghlaigh thar lear ar an scoil mhalairte, mar gur dlínse éagsúil é sin
agus níl aon smacht acu air dá bharr.
Óstáil:
Tá sé tábhacht scoláirí a ullmhú i gceart roimh ré faoin saol a d’fhéadfadh a bheith rompu leis an
teaghlach óstach. Tá sé go maith go mbeadh teach glan néata agat agus tú ag fáiltiú roimh aoi, ach níor
chóir go mbeadh múinteoirí, scoláirí ná tuismitheoirí buartha faoi. Níl daoine foirfe, agus ní chónaíonn
siad i dteach foirfe. Baineann an-chraic le malartuithe agus is eispéireas iad a osclaíonn do dhá shúil duit,
ach níor chóir go mbeadh aon duine dírithe ar fhoirfeacht.
An áit:
Tá tábhacht leis an áit, ach is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil clár malartuithe rathúil ag Pobalscoil Charn
Domhnaigh i dtuaisceart Dhún na nGall. Freastalaíonn comhlacht bus príobháideach ar Charn Domhnaigh,
ach níl stáisiún traenach ná stad Bus Éireann sa bhaile. Bíonn eitiltí díreacha i gcónaí níos éasca. Faigh amach
cén áit ar féidir eitilt chuici ón aerfort is cóngaraí duit. Cinnte is féidir dhá eitilt a thógáil chun an áit a bhaint
amach, ach déanann sé sin an turas níos casta, agus níos costasaí, b’fhéidir. Is féidir eitilt chuig breis agus
140 áit ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá eitiltí díreacha ó Aerfort Chorcaigh go tí an Ostair, an Fhrainc, an
Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn agus an Eilvéis; agus ó Aerfort na Sionainne go dtí an Fhrainc, an Iodáil agus
an Spáinn. Má tá an scoil mhalairte suite bealach fada ón aerfort, is rogha eile í eitilt agus ansin bus a fháil ar
cíos.
Scoláirí agus
múinteoirí a
mheaitseáil:
Beidh roinnt múinteoirí agus grúpa scoláirí ann agus is gá iad go léir a mheaitseáil. Is fearr ceannaireacht
a thabhairt le dea-shampla, agus mar sin, má tá ar scoláirí agus ar a dteaghlaigh lóistín a thabhairt do
pháirtithe malairte, ba chóir do mhúinteoirí agus dá dteaghlaigh lóistín a thabhairt do mhúinteoirí
malairte. Creideann a lán múinteoirí gur eispéireas dearfach é sin, agus uaireanta tagann cairdeas buan
as. Cinntigh go bhfuil próifíl ann do gach duine atá ag cur lóistín ar fáil nó á fháil, agus déan iarracht a
chinntiú go meaitseáiltear gach duine le duine a bhfuil suim chomónta acu. Tá sé tábhachtach ailléirgí nó
riachtanais chothaithe a chur san áireamh. Uaireanta bíonn múinteoirí ag roinnt tí, nó bíonn múinteoirí
óga ag stopadh lena dtuismitheoirí, agus ní bhíonn siad ábalta lóistín a chur ar fáil do mhúinteoir
malairte. Sa chás sin, b’fhéidir go mbeadh múinteoirí níos sine a rinne an malartú roimhe, nó atá ag
iarraidh é a dhéanamh sa todhchaí, b’fhéidir go mbeadh siadsan sásta lóistín a chur ar fáil do mhúinteoir
malairte. Bíonn an oiread sin buntáistí leis an malartú a dhéanamh chomh cuimsitheach agus is féidir
do gach duine. Glacann sé am an próiseas meaitseála a chur le chéile, ach cuireann meaitseáil mhaith le
malartú rathúil.
6
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile