How-to Manual for School Exchanges IRISH - Flipbook - Page 9
Tuismitheoirí:
Tá sé an-tábhachtach go mbeadh tuismitheoirí páirteach ón tús. Uaireanta, spreagann tuismitheoirí
a bpáistí chun teanga a roghnú, nó fiú scoil a roghnú, bunaithe ar mhalartú rathúil scoile. Ba chóir
tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi mhalartú scoile ag laethanta oscailte, agus ba chóir na buntáistí
a chur ina luí orthu roimh ré. Tá obair i gceist le malartú scoile, agus dá bharr sin, léiríonn sé go bhfuil
foireann dhíograiseach sa scoil, agus ba chóir go mbeadh bród ar an scoil as. Má tharlaíonn an malartú
san idirbhliain, bí cinnte go dtugtar eolas do na tuismitheoirí agus don scoláire sa tríú bliain. Beidh go
leor ceisteanna acu, mar sin, smaoinigh ar oíche eolais a chur ar siúl agus déan cinnte go bhfuil siad
páirteach agus ar an eolas, agus tabhair aghaidh ar bhuairt ar bith i rith na bliana. Tá roinnt tuismitheoirí
an-ábalta agus beidh daoine eile cúthail faoina mbaile, nó fiú faoina scileanna teanga nó cócaireachta
agus araile. Déan iarracht a chur ina luí orthu nach gá go mbeadh seomra spáráilte, scileanna iontacha
cócaireachta ná labhairt líofa na teanga a bhfuil staidéar á dhéanamh ag a bpáiste uirthi. Cuirfidh taithí
agus pleanáil mhaith tuismitheoirí ar a suaimhneas. San áireamh sa ghearrthóg físeáin ó Phobalscoil
Leamhcán ó thuismitheoirí a bhí páirteach i malartuithe scoile tá aiseolas dearfach agus comhairle a
chuirfidh tuismitheoirí ar a suaimhneas. Spreag tuismitheoirí chun féachaint air.
Scoil mhalairte:
Mar a tharlaíonn i ngaol le haon duine, tá sé tábhachtach go mbeadh rudaí i bpáirt ag scoileanna. Ní gá
scoil a aimsiú atá díreach cosúil le do scoil féin, ach b’fhéidir go mbeadh scoláirí agus tuismitheoirí ar a
gcompord dá mbeadh na scoileanna cosúil go leor le chéile. Smaoinigh ar na luachanna atá tábhachtach
i do scoil féin, ar chúlra socheacnamaíoch na dtuismitheoirí agus ar an áit a bhfuil sí lonnaithe.
Pleanáil:
Tá pleanáil ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar an malartú. Má phleanáiltear gach rud go cúramach
– taisteal, meaitseáil, clár agus araile – ní bheidh fadhb ar bith ann. Cuirfidh pleanáil mhaith tuismitheoirí
ar a suaimhneas fosta. Glacann pleanáil am, ach tá a fhios ag múinteoirí gur fiú é, mar go mbeidh malartú
rathúil scoile acu agus feicfidh siad na buntáistí ar fad a bhainfidh leis.
Mac léinn MGO: Má tá mac léinn MGO le teangacha ag scoil agus malartú scoile ar siúl, ba chóir don scoil cuireadh a
thabhairt don mhac léinn páirt a ghlacadh sa mhalartú, cuideoidh sé seo leis an ualach oibre agus
tabharfaidh sé léargas don mhac léinn conas malartú rathúil scoile a eagrú, rud is féidir leis/léi a úsáid sa
chéad scoil eile ina mbeidh sé/sí.
Príomhoide:
Tá sé tábhachtach go mbeadh tacaíocht phríomhoide na scoile ag an malartú. Cuireann roinnt múinteoirí
príomhoidí san áireamh sa mhalartú ionas go bhfeicfidh siad na buntáistí a bhaineann le malartú scoile
iad féin. Má tá tacaíocht an phríomhoide ann, gach seans ann go dtiocfaidh cur chuige iomlán scoile chun
cinn, rud a fhreastalaíonn ar an ualach oibre agus a thugann tacaíocht don fhoireann múinteoirí teanga. Is
gá go mbeadh a fhios ag múinteoirí, atá ag dul thar lear le scoláirí, go mbeidh muinín ag príomhoidí astu
agus go dtacóidh siad leo, agus má théann aon rud mícheart go gcosnóidh príomhoidí iad. San áireamh
sna gearrthóga físeán tá aiseolas an-dearfach ó phríomhoidí agus leas-phríomhoidí – agus mar sin b’fhiú
ceannairí na scoile a spreagadh chun féachaint orthu.
Clár:
Tá sé an-tábhachtach clár atá lán le gníomhaíochtaí a bheith agat. Má tharlaíonn an malartú i rith an
téarma, cinntigh go mbeidh eispéireas ag na scoláirí ar scoil i dtír eile. Tabhair deis do na scoláirí agus dá
dteaghlaigh rudaí a dhéanamh leo féin, ach cinntigh go mbeidh clár measartha gnóthach acu. Bíonn
tionchar ag costas ar phlean, mar is gnách, ach ní gá go mbeadh an clár costasach, ní gá dó ach a bheith
spraíúil. Ba chóir go dtaitneodh clár suimiúil le scoláirí agus tuismitheoirí, agus uaireanta is spreagadh é do
scoláirí agus tuismitheoirí atá ag smaoineamh ar a bheith páirteach ann.
Scoileanna
aonghnéis
Tá 14% de scoláirí na hÉireann i scoileanna buachaillí, tá 18% díobh i scoileanna cailíní agus 68% i
scoileanna measctha. Is scoileanna measctha iad móramh mór de scoileanna thar lear. Is fearr féachaint
ar an bhfíric seo mar fhíric in áit mar fhadhb. Tá samplaí de scoileanna aonghnéis in Éirinn a d’oibrigh le
chéile chun malartú scoile a dhéanamh le scoil mheasctha thar lear. Rogha eile ná buachaillí agus cailíní
a chur i bpéirí le chéile. Tarlaíonn sé sin uaireanta i scoileanna measctha, agus tá go leor samplaí ar fáil de
chásanna mar sin a raibh an-rath orthu.
Lámhleabhar do Mhalartuithe Scoile
7