Languages Connect Tacaí do Bhunscoileanna - Flipbook - Page 2
Faoi TIBÉ agus
Languages Connect
Is aonad é TIBÉ atá tiomanta chun
tacaíocht a thabhairt d’oideachas
teangacha iasachta in Éirinn. Maoiníonn
an Roinn Oideachais agus Óige é.
Bunaíodh in 2000 é chun éagsúlacht
foghlaim teangacha a mhéadú, chun
cur leo, agus chun iad a leathnú. Tá
oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile
faoina churam i measc rudaí eile.
Cuireann TIBÉ agus Languages Connect
luach sochaíoch teangacha chun cinn
freisin le feachtais feasachta, agus taighde
feidhmeach a mhúnlaíonn an polasaí
náisiúnta.
Tá ár bhfoireann ilchineálach agus tá
saineolas acu san oideachas, i dteangacha,
i dteagasc agus i gcumarsáid, agus
dá bharr sin tá siad in ann tionscadail
fheiceálacha a sholáthar, agus déanann
siad comhpháirtíocht le raon leathan
páirtithe leasmhara – ó scoileanna agus
múinteoirí go ranna rialtais, páirtithe
pobail agus áisíneachtaí oideachais.
Comhthéacs Polasaí
Tacaíonn Creatlach Curaclaim na
Bunscoile (2023) agus Curaclam
athdheartha na Bunscoile (2025)
le tabhairt isteach oideachas
nuatheangacha iasachta (NTI) i
gcéimeanna a trí agus a ceathair,
mar chuid den tSonraíocht Teanga.