LC Gaisce Challenge IRISH - Flipbook - Page 10
Scil Phearsanta
Seachtain 9:
Pleanáil Lá Foirfe agus Déan Cur Síos air i mo Theangasa
Smaoinigh ar an gcuma a bheadh ar lá foirfe – ó mhaidin go hoíche. Anois scríobh
síos é, nó déan taifeadadh ort féin ag cur síos air, i do theanga oidhreachta. Cuir
isteach nathanna ama (m.sh. ar maidin, ag 3.00 i.n.), áiteanna agus gníomhaíochtaí.
Roinn é le cara, nó le duine sa teaghlach, a bhfuil an teanga acu.
Nod machnaimh: Cad iad na briathra nó na nathanna ama nua a d9úsáid mé?
Déan comparáid idir é agus gnáthlá.
Seachtain 10:
Féach ar Fhíseán Ceoil agus Aistrigh an Curfá
Aimsigh amhrán i do theanga oidhreachta a thaitníonn leat augs aistrigh an curfá
go Gaeilge nó Béarla. Dírigh ar rithim, ar chaint neamhnoirmeálta, agus ar thagairtí
cultúrtha.
Nod machnaimh: Cad a insíonn na liricí dúinn faoin gcultúr?
Seachtain 11:
Cuir Agallamh ar Dhuine sa Teaghlach i do Theangasa
Cuir 5-10 gceist ar thuismitheoir, ar sheantuismitheoir nó ar ghaol leat (m.sh.
8Conas a bhí an scoil?9 8an traidisiún is fearr leat?9). Déan taifeadadh ar an gcomhrá
más féidir.
Nod machnaimh: Cad a d9noghlaim mé nach raibh ar eolas agam cheana?
Seachtain 12:
Cruthaigh Póstaer nó Ealaín Focal le Frásaí a Thaitníonn go mór liom
Dear póstaer nó colláis ar a bhfuil na nathanna nó na sleachta is fearr leat ó do
theangasa. Roghnach: Úsáid Canva nó páipéar/póstaeir.
Nod machnaimh: Cén fáth a bhfuil na focail nó frásaí seo tábhachtach dom?
Seachtain 13:
Déan Físeán nó Postáil ar ‘An Chúis a bhfuil mo Theanga tábhachtach’
Cruthaigh físeán 1-3 nóiméad, nóta gutha, nó scríobh alt i do theanga oidhreachta
(nó go dátheangach) ag míniú na cúies gur cuid díotsa í an teanga.
Roghnach: Roinn le do mhúinteoir, le meantóir nó le cara.
Nod machnaimh: Cad a thugann mo theanga dom nach dtugann aon rud eile?
9