LC Gaisce Challenge IRISH - Flipbook - Page 13
1.
Rannpháirtíocht Phobail
Ceannasaíocht ar Chlub ilchultúir –
Ceiliúradh ar Theangacha agus ar Chultúir inár Scoil
Glac páirteach sa phobal leathan scoile agus abair go bhfuil tú toilteanach a bheith i gceannas ar Chlub Ilchultúir
i do scoilse. Díreoidh an club ar éagsúlacht theangeolaíoch agus chultúrtha a cheiliúradh, mar go gcuirûdh sé
spás fáilteach ar fáil do scoláirí ó chúlraí éagsúla le go bhfoghlaimeoidh siad ó chéile.
Caithûdh oibrithe deonacha uair an chloig sa tseachtain thar thréimhse 13 seachtaine le gníomhaíochtaí an
chlub a phleanáil, a norbairt agus a chur chun cinn..
Seachtain 1:
Seachtainí 3–12: Ceardlanna Seachtainiúla Cultúir
Pleanáil agus Faomhadh
Gach seachtain beidh aird á díriú ar theanga éagsúil agus ar chultúr
éagsúil. Cuirfidh scoláire ón gcúlra sin ceardlann ghairid i láthair.
• Buail le múinteoir atá ag
maoirsiú an chlub nó leis an
mbainistíocht scoile.
• Cuir an smaoineamh i láthair,
Samplaí:
• Damhsa traidisiúnta a theagasc
• Mias shamplach a thabhairt isteach le blaiseadh
mol struchtúr seachtainiúil,
• Cluiche do pháistí, nó cluiche cláir, ón gcultúr a roinnt
agus aontaigh lá, am agus áit
• Ceol traidisiúnta nó coitianta ón tír dhúchais a sheinm
don Chlub Ilchultúir.
• Beannachtaí simplí nó nathanna úsáideacha a theagasc
Seachtain 2:
An Club a chur chun cinn
• Dear póstaeir agus ábhair
bholscaireachta.
• Déan fógraí ar an idirchum.
• Labhair le ceann bliana agus
múinteoirí ranga i ngach bliain
chun cuireadh a thabhairt do
scoláirí ó gach cúlra teanga
agus cultúir a bheith
rannpháirteach.
• Nithe ón gcultúr oidhreachta a roinnt, bileoga, ticéid agus admhálacha,
mar shampla. Féach ar an mbosca cultúir chun teacht ar a thuilleadh
smaointe.
Freagrachtaí na nOibrithe Deonacha:
• Tacaigh le ceannairí na gceardlann gach seachtain: eagraigh an sceideal,
cuidigh le rannpháirtithe ullmhú lena haghaidh, clóigh áiseanna, aimsigh
ábhair.
• Oibrigh i gcomhar le foireann/bainistíocht na scoile má tá fearas nó
spás speisialta ag teastáil (m.sh. callairí don nuaim, seomra níos mó
don damhsa)
• Eagraigh na seisiúin seachtainiúil chlub: cuir fáilte roimh na baill, cuir na
cainteoirí i láthair, glac tinreamh, cuidigh le ceol nó leagan amach
• Glac grianghraif: (le cead) le húsáid ar mheáin shóisialta na scoile,
nuachtlitreacha, nó ar thaispeántais.
• Scríobh alt gairid faoi thionchar an Chlub Ilchultúir don iris scoile nó
suíomh gréasáin scoile, nó do nuachtán áitiúil.
• Cuir an club chun cinn go leanúnach: ó bhéal go béal, póstaeir
uasdátaithe, nó fógraí ag am lóin.
12