LC Gaisce Challenge IRISH - Flipbook - Page 6
Scil Phearsanta
Seachtain 4:
Éist le hamhrán agus foghlaim an curfá
Aimsigh amhrán sa teanga atá á foghlaim agat, aistrigh an curfá, agus déan
iarracht é a chanadh nó a rá os ard.
Nod machnaimh: Cad a d9noghlaim mé ó na liricí faoin gcultúr?
Seachtain 5:
Ordaigh bia (nó lig ort go bhfuil tú á ordú!)
Foghlaim conas an bia is fearr leat a ordú sa teanga atá á foghlaim agat (i
gcaife nó i mbialann beir leat). Cleacht le cara nó déan taifeadadh ar rólimirt.
Nod machnaimh:
Cad iad na focail nó nathanna a bheadh de dhíth orm san níorshaol?
Seachtain 6:
Bain triail as Oideas ón Tír
Roghnaigh oideas ó thír ina labhraítear an teanga atá á foghlaim agat – agus
déan é a chócaráil! Roghnaigh oideas i do rogha teanga agus bain úsáid as
foclóir más gá. Tóg grianghraf den mhias.
Nod machnaimh:
Ar noghlaim mé aon nocal a bhaineann le bia nó le cócaireacht?
Seachtain 7:
Dear an tSaoire ab nearr leat
Pleanáil saoire chuig tír ina labhraítear an teanga atá á foghlaim agat. Cén áit
a rachfá? Cad a dhéanfá? Cén t-am den bhliain? Aimsigh eochairnocail
agus stór focal taistil chun cur síos a dhéanamh ar an turas.
Nod machnaimh: Cad iad na focail atá uaim chun taisteal?
Seachtain 8:
Imir Cluiche sa Teanga
Bain triail as Duolingo, LyricsTraining, nó cluiche simplí foghlama teanga ar
líne. Nó athraigh an teanga ar do ghuthán/chonsól don lá!
Nod machnaimh: Cén cluiche nó socrú is mó a chuidigh liom?
5