LC Gaisce Challenge IRISH - Flipbook - Page 8
2.
Scil Phearsanta
Dúshlán do Chainteoirí Teangacha Baile, Oidhreachta agus Pobail
An labhraíonn tú teanga seachas Gaeilge nó Béarla sa bhaile?
Tabhair do dhúshlán féin nascadh arís le do chuid scileanna teanga, iad a iniúchadh agus iad a nás, sna 13
seachtaine atá romhainn!
Is cuma má labhraíonn tú sa bhaile í, le gaolta, nó mura gcloiseann tú ach anois is arís í – is duitse an dúshlán
seo! Gach seachtain, déanfaidh tú tasc spraíúil cruthaitheach a chuirûdh beocht sa teanga agus sa chultúr. Ó
cheol go bia, ó scéalta teaghlaigh go machnaimh phearsanta, seo do dheis ceiliúradh a dhéanamh ort féin agus
ar an áit arbh as duitse agus do do theaghlach.
An bhfuil tú réidh tabhairt faoin dúshlán? Téimis!
Seachtain 1:
Féach ar Scannán i mo Theanga Bhaile
Roghnaigh scannán nó eipeasóid sraithe i dteanga a labhraíonn tú sa bhaile
(seachas Gaeilge nó Béarla) (le fotheidil nó gan iad). Mar shampla, clár a
thaitin go mór leat mar pháiste, rud ar Netüix/YouTube/DVD ó do thír
dhúchais. Féach air leis an teaghlach agus labhair faoi ina dhiaidh.
Nod machnaimh:
Cad iad na frásaí nó na tagairtí cultúrtha a sheas amach?
Scríobh síos 3-5 nocal nó nath nua.
Seachtain 2:
Déan cócaráil ar mhias ó oideas i mo theangasa
Iarr ar bhall teaghlaigh oideas traidisiúnta i do theanga bhaile a thabhairt duit, nó
aimsigh ceann ar líne agus lean na treoracha i do theangasa. Glac grianghraf den
mhias agus í críochnaithe nó déan taifeadadh ar níseán gearr i do theanga-sa.
Nod machnaimh:
Cad a d9noghlaim mé faoin mias seo nó faoin traidisiún a bhaineann léi?
Seachtain 3:
Scríobh Litir nó Ríomhphost chuig Ball Teaghlaigh nó chuig Cara
Scríobh chuig duine éigin a labhraíonn do theanga (ûú mura seolann tú í). Inis
nuacht, cuir ceisteanna, déan cur síos ar an tseachtain a bhí agat.
Nod machnaimh:
Cad a bhí deacair nó éasca agus mé ag scríobh?
7