LC Parents Leaflet 1 (A5) IRISH - Flipbook - Page 2
Beannachtaí ó
noireann 8Cuir
Fáilte Roimh
Theangacha'!
Céard é?
Clár foghlama teanga is ea 'Cuir Fáilte Roimh
Theangacha' (CFRT), arna mhaoiniú go hiomlán
ag an Roinn Oideachais agus Óige.
Cén fáth ar deis iontach do
do pháiste é?
• Deis iontach is ea CFRT chun teanga nua a
fhiosrú ar bhealach spraíúil.
• I gcás páistí a fhoghlaimíonn teangacha, is mó
seans go bhforbróidh siad scileanna
litearthachta agus cruthaitheacht bhreise,
agus beidh tuiscint acu ar dhaoine eile agus ar
éagsúlacht sa phobal.
• Tá sé de nós ag foghlaimeoirí teanga
marcanna níos airde a bhaint amach sa
Mhatamaitic! Forbraíonn siad scileanna réitigh
fadhbanna agus smaointeoireacht chriticiúil.
• Is deis iontach é eispéireas dearfach a fháil ag
foghlaim teangacha, agus cuideoidh sé le
roghnú ábhar san iar-bhunscoil.
• Cuideoidh sé le do pháiste raon scileanna a
fhorbairt, agus bainodh sé/sí úsáid astu sa
todhchaí, is cuma cén ghairm bheatha a
roghnaíonn sé/sí.
Cén áit a mbeidh sé ar siúl
agus cén uair?
Cuirtear CFRT ar fáil i scoil do pháiste le linn
gnáthuaireanta scoile. Ritheann an clár seo ar
feadh 10 n-uair an chloig de ranganna.