LC Primary 'Checklists for Schools' IRISH - Flipbook - Page 1
Seicliosta do scoileanna agus do mhúinteorí
Roimh thús an téarma, ba cheart duit na rudaí seo a dhéanamh:
✓
Léigh Ciorclán 0035/2026.
Cuir sonraí bainc na scoile isteach tríd an bhfoirm seo.
Roghnaigh múinteoir ó do scoil don teagasc, nó oide seachtrach. Is féidir liosta oidí atá ar fáil i do cheantar a
iarraidh.
Aontaigh modh íocaíochta leis an oide agus aontaigh an méid iomlán atá le híoc don téarma (Cuirfidh an toide sonrasc chuig an scoil).
Eagraigh grinnniosrúchán Gharda ar an oide (de réir Ciorclán 0042/2018).
Cuidigh leis an oide dul i dtaithí ar pholasaithe scoile agus ar riachtanais aonair pháistí.
Do mhúinteoirí ag obair le oide seachtrach déan athbhreithniú ar an Templéad Comhoibrithe roimh ré.
Beidh ort é a chur isteach nuair a bheidh an móduil críochnaithe.
Ceap amchlár don rang teanga agus roinn leis an TIBÉ/Languages Connect é tríd an bhfoirm ghairid seo.
Cuir tuismitheoirí agus an pobal áitiúil ar an eolas faoin gceangal idir an scoil agus an TIBÉ/Languages
Connect, trí iris nó suíomh ná scoile (tá alt samplach is féidir a eagrú anseo).
Cinntigh gur tháinig an paca áiseanna don mhodúl samplach chuig an scoil. (Tá bileog eolais ina gcuirtear
síos ar na hearraí soláthraithe le fáil ag barr an leathanaigh seo.)
I rith an téarma:
✓
Cinntigh go bhfuil an deontas faighte i gcuntas bainc na scoile.
Cinntigh go bhfuil an pobal iomlán scoile ar an eolas faoin tionscadal. Mar shampla, cuir póstaeir agus samplaí
d’obair na bpáistí ar taispeáint, spreag páistí chun an teanga, atá á foghlaim acu, a úsáid ar an idirchum agus
i rith gníomhaíochtaí eile, agus mar sin de.
Cinntigh go bhfuil na háiseanna, a chuir an TIBÉ/Languages Connect ar fáil, le feiceáil ar fud na scoile agus
go n-úsáidtear iad don teagasc agus don noghlaim.
Cuir rannpháirtíocht na scoile sa mhodúl os comhair an phobail trí na meáin áitiúla agus sa phobal i gcoitinne
(tá alt samplach is féidir a eagrú anseo). Cuir pictiúir san áireamh.
Tar éis an téarma:
Mura bhfuil sé déanta agat cheana, tabhair aiseolas trí cheann de na suirbhéanna seo a líonadh isteach:
Templéad Comhoibrithe agus suirbhé do mhúinteoirí óstacha
Suirbhé do phríomhoidí
Suirbhé do mhúinteoirí/oidí atá ag tabhairt an mhodúil
✓
Ná bíodh leisce ar bith ort dul i dteagmháil linn! primary@ppli.ie
1