Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 10
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I bhFRAINCIS
Ketchup ou Mayo ? Le grand livre des choix impossibles
ISBN: 9791023520170
Laurence Salaün; Giles Rapaport (maisitheoir)
Seuil Jeunesse
Bíonn orainn cinntí a ghlacadh i rith an tsaoil, agus bíonn roinnt acu níos deacra ná cinn eile. Agus
tá go leor acu ann! Criospaí nó sceallóga? Brúcht nó broim? Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh? Croí
isteach nó póga? Cáis nó milseog? Fútsa atá sé... Sa leabhar pictiúr neamhfhicsin mealltach seo
déantar iniúchadh ar ghnáthroghanna trí shraith ceisteanna greannmhara agus cásanna a chur i
láthair, roghanna simplí – criospaí nó sceallóga, mar shampla – go cinntí níos pearsanta faoi rudaí a
thaitníonn leat, nach dtaitníonn leat agus tuairimí.
La ville, quoi de neuf ?
ISBN: 9782330106850
Didier Cornille
Hélium Editions
Ar fáil i Slóvaicis freisin
Conas is féidir cathair a dhéanamh níos glaise, níos nuálaí, níos dírithe ar an bpobal, níos
soghluaiste, níos fearr le cónaí ann, agus suim ag na daoine inti, é sin ar fad agus í ag fás go fóill?
Tugann Didier Cornille ar thuras muid thart ar chathracha ar eiseamláirí iad, mar shampla, Curitiba,
cathair ghlas i ndeisceart na Brasaíle, agus Beirlín, ceann de na cathracha is mó foraois san Eoraip.
Áiteanna, ailtirí, agus or agus mná fuinniúla, a spreagann muid chun smaoineamh faoi na nithe is
féidir linne, páistí agus daoine fásta araon, a dhéanamh dár gcathair féin!
Turas iontach domhanda trí bhreis agus dhá cheann déag de na cathracha is nuálaí, chun cathair
an lae amárach a shamhlú!
Tous les jardins sont dans la nature
ISBN: 9782330148126
Didier Cornille
Hélium Editions
Ar fáil i Slóvaicis freisin
Dearaí ailtireachta, nuálaíocht tírdhreacha, buairimh thimpeallachta, agus cruthú ealaíonta,
cuirtear deich ngairdín úrnua, shuntasacha ón 18ú haois go dtí an 21ú haois inár láthair, iad beo
beathach i mionléaráidí Didier Cornille. Thug an t-údar agus an maisitheoir, ar ollamh le hailtireacht
agus dearthóir é, sracfhéachaint do pháistí ar ailtireacht nua-aimseartha den chéad uair sna
leabhair eile leis atá bunaithe ar théama den chineál céanna. Sa leabhar seo, cuireann sé iniúchadh
álainn ar dhearadh gairdíní i láthair.
10