Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 11
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I bhFRAINCIS
Le secret des neurs
ISBN: 978-2-7644-5367-4
Christiane Duchesne; Katy Lemay (maisitheoir)
Québec Amérique
Coinníonn Arthus, Pilipou, Nox agus Mila, gardaí beaga, súil ar rúin an nádúir gach lá. Feiceann na
créatúir bheaga iontacha seo gach rud, faigheann siad boladh gach ruda agus cloiseann siad gach
rud. Amharcann siad ar an bpailin a eitlíonn chun na bláthanna a phailniú. Déanann siad
spiaireacht ar na torthaí agus ar na síolta, a thaistealaíonn i bhfad uaireanta. Níl aon rún i dtimthriall
an phailnithe ná i dtimthriall an phéactha dóibh siúd.
Inniu, seal s9agatsa an mhíorúilt seo a fheiceáil ag tarlú.
Ornithorama
ISBN: 9782940673056
Découvre et observe le monde merveilleux des oiseaux
Lisa Voisard
Helvetiq
Ar fáil i nGearmáinis freisin
Cad is scréachóg Eoráiseach ann? Cad as a ndéantar nead gabhláin binne? Conas is féidir le
mallaird codladh agus súil amháin oscailte acu? Cén fáth a dtéann roinnt éan ar imirce ach nach
dtéann éin eile?
Tá éin an-spéisiúil! Sa leabhar seo, tugtar próifíliú ar 80 éan Eorpach atá le feiceáil in aice do bhaile,
iad eagraithe de réir gnáthóige. Léirítear gach próifíl le stíl réalaíoch, ina dtarraingítear aird ar
thréithe sonracha gach éin, ó mhéid agus ó dhath na n-uibheacha go dtí an aiste bia agus na
patrúin imirce atá aige. Tugtar míniú go córasach sa treoir ar an áit agus ar an mbealach ar féidir iad
a fheiceáil, rud a chuideoidh leat na chéad chéimeanna a thógáil mar fhairtheoir éin!
Le grand atelier
ISBN: 978-2358801379
Les canailles
Éditions Arola
An raibh sé mar rún do chroí riamh siúl isteach i stiúideo ealaíontóra? Nó fáil amach faoin gcuma a
bhí ar stiúideo Leonardo da Vinci nó van Gogh?
Tógann an leabhar álainn seo thú go cúl an stáitse i stair na healaíne. A bhuí leis an mbeirt
mhaisitheoirí ar a dtugtar Les Canailles, feicodh tú 15 stiúideo ealaíontóra, ón seansaol go dtí an lá
atá inniu ann.
Cuirtear gach stiúideo i láthair ar dhá leathanach: ar an gcéad leathanach, portráid den ealaíontóir
agus thart ar cúig shampla dhéag den ghnáthobair a rinne siad, mar aon le téacs a mhíníonn an
ealaín; ansin léaráid leathanaigh a thumann an léitheoir isteach sa stiúideo muid... agus cluiche
Aimsigh na Difríochtaí ar gach leathanach. Leonardo da Vinci, Hokusai, Rodin, van Gogh, Méliès,
Yves Saint Laurent... Cuireann na healaíontóirí is fearr a gcuid stiúideonna ar fáil duit!
11