Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 13
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I SPÁINNIS
El bosque de lo diminuto
ISBN: 978-956-9866-27-2
Sol Undurraga / Mujer Gallina
Saposcat
An leabhar eolais é seo? Leabhar pictiúr? Leabhar sceitseála? Nach cuma, is leabhar é ina sáraítear
teorainneacha na seánraí agus an rangaithe. In El bosque de lo diminuto díríonn an maisitheoir Sol
Undurraga – a bhfuil aithne uirthi faoina hainm cleite Mujer Gallina freisin – le tacaíocht ó Marcela
Fuentealba, ar na créatúir is lú san fhoraois. Léiríonn na híomhánna cumhachtacha iontacha, a
bhfuil dathanna geala iontu, áilleacht agus éagsúlacht mhealltach na bhfeithidí agus na ndamhán
alla, atá iontach ach rud beag scanrúil. Léirítear speicis aonair i bhformáid bheag nó i dtaispeántais
a líonann leathanach. Go bunúsach, déantar iarracht sa leabhar neamhghnách seo leochaileacht
na foraoise mar éiceachóras a léiriú, ina bhfuil nasc idir gach rud chun aonad mór iomlán a chruthú;
tugtar oanaise ann freisin ar an mbealach a bhfuil daoine á chur sin i mbaol. Téann Sol Undurraga i
ngleic go pearsanta leis an ábhar trí fhíricí eolaíochta a chur taobh le sonraí aisteacha, agus ansin
go tobann i lár an leabhair, trí easpa measa an chine dhaonna ar an nádúr a phlé.
¡Veo, veo! ¿Qué tiempo hará?
ISBN: 978-84-1158-164-6
Cristina Losantos
Combel Editorial
Ar fáil i gCatalóinis freisin
Lá gaofar san fhómhar; ceo, fuacht agus sneachta lá geimhridh; aimsir an earraigh le ceathanna
báistí agus tuartha ceatha; lá te samhraidh... Tugann an aimsir deiseanna iontacha agus cásanna
greannmhara, atá le feiceáil agus le cuardach i radhairc sa leabhar nua sa bhailiúchán seo.
Molaimid duit na carachtair ocsin a lorg agus a aimsiú, iad siúd a thagann ar ais, agus go leor eile sa
leabhar nua seo. Feicim, feicim! Conas mar a bheidh an aimsir? Is dúshlán é. An bhfuil sé d9uchtach
agat é a thriail?
Mercados. Un mundo por descubrir
ISBN: 978-84-17749-69-9
Josep Sucarrat; Miranda Sofroniu (maisitheoir); Gemma Brunat (aistritheoir)
Editorial Flamboyant
Ar fáil i gCatalóinis agus i Sínis freisin
Tóg turas thart ar an domhan agus aimsigh na margaí is iontaí ar domhan. Sa leabhar maisithe seo
tugtar eolas ar mhargaí sa stair, ar na cineálacha éagsúla bia a dhíoltar iontu, an áit as ar tháinig
bianna áirithe, agus go leor eile. Tá réamhrá ann ó Ferran Adrià, cócaire iomráiteach idirnáisiúnta.
13