Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 15
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I SPÁINNIS
Abecedario
ISBN: 978-987-1374-59-5
Ruth Kaufman & Raquel Franco; Diego Bianki (maisitheoir)
Pequeño Editor
Ar fáil i bPortaingéilis freisin
Go dtí seo, cuireadh litreacha i láthair i leabhair aibítre trí ainmfhocail a úsáid. Tá bealach nua le fáil
sa leabhar seo, is é sin briathra a úsáid. I gcás gach briathair, tugtar sceitseáil ghreannmhar agus
frása simplí: oscail leabhar, oscail do lámh, oscail an doras agus téigh ag súgradh. Agus an leabhar
seo á léamh, tá deis ag daoine fásta agus ag páistí a bheith ag súgradh, ag cruthú agus ag fáil
amach faoin domhan. Ar an dóigh sin, mar a dúirt Paulo Freire, is gníomhaíocht í an léitheoireacht
ina mbuaileann an domhan agus na focail le chéile.
Sueño animal
ISBN: 978-956-9829-41-3
Silvia Lazzarino & María José Arce
Muñeca de Trapo
Ar fáil i bPortaingéilis freisin
Conas a chodlaíonn ainmhithe? Bíonn freagra na ceiste seo de shíor ag athrú, agus cé nach bhfuil
cinnteacht ar bith ann, sa leabhar seo gheobhaidh tú 31 ainmhí ina gcodladh ar bhealaí nach bhfuil
tú ag súil leo. Éan, a mhúchann leathchuid dá inchinn agus é ag eitilt, cuileog ina codladh ar an
mbláth is fearr léi, iasc ina luí ar leaba boilgeog – níl iontu siúd ach roinnt samplaí. Is cineál suain é
an codladh, é chomh héagsúil leis an nádúr féin. Brionglóid lán le teannas, iontais agus údair
shuntais. Brionglóid ainmhí!
Todos los besos del mundo
ISBN: 978-8410406568
Marta Morros Serret; Mariona Tolosa Sisteré (maisitheoir)
NubeOcho
Tá an iliomad cineálacha póg ann!
Póga móra agus póga bídeacha. Póga idir leannáin nó na póga is brónaí ar fad – póga agus tú ag
fágáil slán ag duine. Tá póga greannmhara, póga a chuireann dinglis ionat ann chomh maith, póga
ó ainmhí, mar shampla.
Baineann fuaim éagsúil le póg i dteangacha éagsúla: smuack, chū nó mua. Agus is féidir póg
amháin, dhá cheann nó trí cinn a thabhairt, mar a dhéantar in áiteanna áirithe sa Fhrainc! Tugann
póga ó thuismitheoirí sólás, agus tá póga ó sheantuismitheoirí gleoite. Tá póg oiriúnach ann do
gach ócáid agus tá póga ann nach ndéantar dearmad orthu riamh.
15