Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 17
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR IN IODÁILIS
Caduto. La seconda vita degli alberi
ISBN: 979-12-81330-18-4
Danio Miserocchi & Maciej Michno; Valentina Gottardi (maisitheoir)
Ar fáil i nGearmáinis, i mBéarla, i bhFraincis, i Seapáinis agus tuilleadh!
Cocai Design
Is leabhar maisithe é Caduto. La seconda vita degli alberi a dhíríonn ar iontais na foraoise agus ar an
éagsúlacht. Cad a tharlaíonn nuair a thiteann crann san fhoraois? Is cinnte nach gcuirtear amú é: a
mhalairt a tharlaíonn, is foinse bheatha é an t-adhmad marbh i bpróiseas athghiniúna den scoth.
Aimsigh freagraí na gceisteanna iomadúla linn:
Cad is fungas ann go díreach? Cad é an difríocht idir seilide agus seilide drúchta (drúchtín)? Cén
fáth a bhfuil gob níos faide ag lonta dubha a bhfuil cónaí orthu san fhoraois ná mar atá ag lonta
dubha a bhfuil cónaí orthu sa chathair? Cé acu ainmhí a bhfuil goile chomh doshásaithe sin aige go
n-itheann sé iomlán a mheáchain i mbia gach lá?
Animali bellissimi
ISBN: 9788897865292
Daniela Pareschi
Il Barbagianni Editore
Cad atá i bpáirt ag an sionnach Artach agus ag an gclochiasc? Ag an ostrais agus ag an rón
eiliontiúil (smutrón)? Úsáidtear córas righin casta san eolaíocht chun ainmhithe a rangú. Ach cad a
tharlódh dá n-úsáidfí critéar éagsúil, ceann atá intuigthe láithreach, ceann a thugann le chéile
speicis atá i bhfad ó chéile ach a bhfuil tréith i bpáirt acu? Catagóirí samhlaíocha stuama, íorónta
ach cruinn, a nochtann créatúir dhochreidte; ainmhithe atá…go hálainn! Seo leabhar ina bhfuil 19
gcatagóir ainmhithe, iad ar fad éagsúil le chéile, ach a bhfuil tréith thábhachtach i bpáirt acu a
dhéanann níos cosúla le chéile iad ná mar a shíltear ar dtús: iad siúd a bhfuil gruaig orthu, iad siúd
a bhfuil eitilt acu ach nach éin iad, iad siúd a mhaireann níos faide ná daoine, iad siúd a bhfuil
cnámh droma acu, iad siúd a chodlaíonn go leor... Leabhar pictiúr ina bhfuil meascán d9fhíricí
aisteacha, neamhghnácha faoi dhomhan na n-ainmhithe agus léaráidí a bhainodh an anáil díot.
CRAC
ISBN: 9791254641835
Matteo Pompili & Lorenzo Monaco; Luogo Comune (maisitheoir)
CameloZampa
Ar fáil i bhFraincis freisin
Tosaíonn an bheatha nuair a SCOILTEAR rud. Briseann gach rud, ag pointe éigin. Ó na réaltaí a
phléascann i ndorchadas an spáis, go dtí an Domhan, a bhíonn de shíor ag claochlú: ó fhungais a
oibríonn go ciúin faoi thalamh go blúirí den domhan ar a dtugaimid bia. Scéal na cruinne, agus
scéal gach duine againn, is ionann iad agus scéal sraith scoilteanna: mar gan scrios, ní féidir aon rud
nua a chruthú.
17