Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 18
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR IN IODÁILIS
Alfabeti Naturali
ISBN: 9788833701264
Piccola guida all'osservazione della creatività dell'universo
Federica Buglioni; Luogo Comune (maisitheoir)
TopiPittori
Ar fáil i dTuircis agus i Sínis freisin
Is ionann áit gan phatrún agus spéir gan scamall, nó páirc shneachta nár leagadh cos inti. Is
dromchla é atá go hiomlán mín: rud annamh. Gach áit sa nádúr, bristear aonghnéitheacht le
stríoca, spotaí, eangacha, craobhacha agus fáinní: patrúin a bhraitheann ar fhórsaí amhail
domhantarraingt nó teas, agus a tharlaíonn ag ráta rialta. Tugann Federica Buglioni cuireadh do na
léitheoirí féachaint ar na foirmeacha éagsúla den nádúr chun a bhfeidhmiú a thuiscint, agus
léiríonn léaráidí le Luogo Comune na cóid amhairc inár gcruinne iontach.
Cambiare
ISBN: 978-8833701820
Trasformismi, metamorfosi, migrazioni nel regno animale
Federica Buglioni; Francesca Ballarini (maisitheoir)
TopiPittori
Claochlú atá sa bheatha go bunúsach. Ní bheadh iasc oonnuisce sna haibhneacha, mura mbeidís
ábalta leibhéal salainn a gcoirp a athrú. Ní bheadh go leor de na speicis ainmhithe atá againn sa lá
atá inniu ann gan cur cluimhrí ná gan mheiteamorfóis. Is iad Federica Buglioni agus Francesca
Ballarini ár dtreoraithe a léiríonn gur geata ar ríocht na n-ainmnithe é an claochlú. Ar an turas seo,
casfaimid ar smugairlí róin nár rugadh agus nach bhfaigheann bás, éisc a athraíonn gnéas,
damháin alla a athraíonn dath. Déanfaimid iniúchadh freisin ar neoitineacht – an iarracht iontach
gan athrú riamh agus fanacht óg go deo. Ar deireadh, gheobhaimid amach go bhfuil bealach anspeisialta ag daoine chun iad féin a athrú agus a chlaochlú: ár gcultúr.
Il grande libro delle ruote
ISBN: 978-88-7609-567-2
Luogo Comune
Sinnos Editrice
Bhuaigh leabhar eile le Luogo Comune, Il grande libro delle navi, Duais Malerba do leabhair
mhaisithe 2021, cuireadh ar Liosta Gradam Italia IBBY 2021 é, agus tugadh na léaráidí ar fud an
domhain mar chuid den taispeántas Margadh Bologna Leabhar do Pháistí. Tar éis scéalta longa
agus soitheach de gach cineál a insint agus pictiúir díobh a tharraingt, tógann Luogo Comune ar
thuras eile muid sa leabhar mór seo, modhanna iompair, agus na príomhcharachtair ann – rothaí!
Carranna, gluaisrothair, rothair, giaranna, tarracóirí, meaisíní aisteacha, idir mhór agus bheag ...
Cineálacha éagsúla rothaí a léiríonn stair an domhain agus stair sochaithe éagsúla.
18