Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 19
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR IN IODÁILIS
Il favoloso mondo delle piante
ISBN: 9788855232524
Stefano Mancuso & Philip Giordano
Aboca Edizioni
B9fhéidir nach raibh sé seo ar eolas agat, ach gan phlandaí ní bheadh muidne beo ach oiread.
Tugann plandaí ocsaigin dúinn le hanálú, mar aon le bia, substaintí chun sinn a leigheas, adhmad,
snáithíní teicstíle le haghaidh éadaí...agus an oiread sin áilleachta. Go bunúsach, braitheann ár
dtodhchaí ar phlandaí. Agus mar sin féin, is beag atá ar eolas againn fúthu! Tá domhan na bplandaí
lán le scéalta neamhghnácha: crainn atá níos sine ná na pirimidí, domhain faoi thalamh atá réidh
don taiscéalaíocht, bláthanna a bhfuil cuma foichí orthu, sárlaochra plandaí gan croí ná inchinn,
agus deochanna a ghabhann an solas. Is leabhar é Il favoloso mondo delle piante a thugann
cuireadh duit ríocht na bplandaí a aimsiú agus a iarrann ort bheith faoi gheasa aige. Turas lán
iontais a bheidh ann, lán le nithe dochreidte. Eachtra iontach, lán le clóraioll ghlas agus pailin bhuí.
Vulcani
ISBN: 9788893932165
Luogo Comune
Editoriale Scienza
Tá domhan na mbolcán tar éis iontas a chur ar dhaoine óga le fada, meallann na fórsaí bunúsacha
cumhachtacha iad, na fórsaí a phléascann na sléibhte i gceathanna de charraigeacha leáite, nó a
bhaineann creathadh as an Domhan le foréigean tobann millteanach. Spreagann na fathaigh
loiscneacha seo oosracht i bpáistí agus i ndaoine óga, oosracht chun ceisteanna a chur. Cén fáth a
músclaítear bolcáin chun tine a chaitheamh thart? Cad as a dtagann an magma? Cad is laibhe ann?
Cad a dhéanann bolcáneolaithe? Cé mhéad bolcán atá ar ár bpláinéad? Freagraítear na ceisteanna
ar fad atá ag páistí agus ag daoine fásta sa leabhar seo i léaráidí áille, i ngrafaicí soiléire mínithe,
agus i dtéacs cruinn atá bunaithe ar an eolaíocht
Città. Una guida illustrata per farci caso
ISBN: 978-8885546868
Andrea Q & Marcella Nicodemo
Quinto Cuarto Edizioni
Is éasca an cheist,