Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 2
Réamhrá
Tá bunús saibhir solúbtha i leabhair pictiúr chun teanga, litearthacht agus feasacht
ilchultúrtha a norbairt, a d’néadfadh tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha
iasachta (tugtar T3 orthu feasta) sa bhunscoil. Is uirlisí cumhachtacha iad leabhair
pictiúr chun suim nadtéarmach páistí agus múinteoirí a chothú san noghlaim teanga
ar mhaithe le pléisiúr pearsanta agus saibhriú saoil.
Roghnaíodh na leabhair ar an liosta seo ó chatalóga de leabhair pictiúr neamhnicsin
a bhfuil duaiseanna buaite acu. Is ranna náisiúnta de Bhord Idirnáisiúnta um Leabhair
do Dhaoine Óga (IBBY), agus Internationale Jugendbibliothek a chuir an liosta le chéile.
San áireamh ar an liosta, tá líon teoranta leabhar i bhFraincis, i Spáinnis, i nGearmáinis
agus in Iodáilis – na teangacha is mó a bhfuil taithí ag múinteoirí bunscoile orthu, de
réir ár gcuid taighde. Ach, sa roinn Tuilleadh Áiseanna agus Nasc thíos, tá naisc chuig
eagraíochtaí idirnáisiúnta ó bhreis agus 80 tír éagsúil a noilsíonn catalóga leabhair
nua do dhaoine óga go rialta.
Forbraíodh an áis seo i gcomhpháirt le Leabhair Pháistí Éireann.
2