Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 20
Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin: Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR IN IODÁILIS
In riva al mare
ISBN: 9788833700984
Elisabetta Mitrovic
TopiPittori
Ar fáil i Sínis freisin
Is sraith é PiNO, Piccoli Naturalisti Osservatori (Nádúraithe Óga Géarchúiseacha), atá dírithe ar na
nithe beo thart orainn a thabhairt faoi deara, trí léitheoirí a mhealladh níos cóngaraí den aoibhneas
a bhaineann le haimsiú rudaí nua agus d9áilleacht an nádúir. Is sraith phraiticiúil é freisin a
mhúineann dúinn conas féachaint, conas anailís a dhéanamh, agus conas triail a bhaint as rudaí
chun iad a thuiscint. Cuidíonn sé linn a thuiscint go mbraitheann ár saol ar thimpeallacht ollmhór,
iontach, éagsúil ina dtarlaíonn nithe tábhachtacha de shíor, oú mura bhfuil sé sin ar eolas againn
nó oú mura dtugaimid faoi deara é. Sna leabhair seo, gheobhaidh tú feiniméin agus créatúir
dhochreidte, agus cur síos déanta orthu ag eolaithe, ag scríbhneoirí agus ag ealaíontóirí. Daoine a
dtaitníonn sé go mór leo nithe a bhreathnú, machnamh a dhéanamh orthu agus nithe a aimsiú i
léaráidí agus i bhfocail. Agus treoir s9acu á leanúint agat, is féidir leat foghlaim conas feiceáil, conas
tarraingt agus conas cur síos a dhéanamh ar an domhan ionas gur féidir leat é a roinnt leis na
daoine thart ort. Ba chóir an leabhar, atá i do ghlac, a thabhairt leat agus nithe á n-aimsiú agat. Mar
sin, tabhair leat é gach áit a dtéann tú. Anuas ar an leabhar a léamh, smaoinigh air mar uirlis oibre is
féidir a úsáid chun nótaí a bhreacadh, chun tarraingt, chun dathú agus chun gearradh; díreach mar
atá déanta ag taiscéalaithe agus eolaithe riamh anall lena gcuid leabhair nótaí.
20