Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 21
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I nGEARMÁINIS
Ins ewige Eis! Nordpol und Südpol in einem Jahr
ISBN: 978-3836961486
Agatha Loth-Ignaciuk; Bartomiej Ignaciuk (maisitheoir)
Gerstenberg Verlag
Turas beagnach 1,000 ciliméadar isteach san oighear síoraí. I dteochtaí chomh híseal le lúide caoga
céim. Gach fearas – ón bpuball go dtí an scuab oacla – ar shleamhnán 120 cileagram. Ainneoin an
chruatain, lean sé air chuig an gceann scríbe – an Pol.
D9éirigh leis an taiscéalaí Polannach, Marek Kaminski, an gaisce beagnach dochreidte seo a bhaint
amach faoi dhó: sa bhliain chéanna shroich sé an Pol Thuaidh agus an Pol Theas, go hiomlán leis
féin. Go dtí an lá inniu, is gaisce é nach ndearna aon duine eile! Sa leabhar seo, insítear scéal
fíorspéisiúil, ach ní hamháin sin, tugtar eolas iontach ann faoin Artach agus faoin Antartach. Is féidir
briseadh na n-oighearshlaodanna a chloisteáil agus an aimsir fheanntach a mhothú sna léaráidí
beoga, a insíonn an eachtra seo i bhfoirm íomhánna.
Leabhar do thaiscéalaithe polacha an lae amárach!
Alle zählen
ISBN: 978-3836960366
Kristin Roskifte; Maike Dörries (maisitheoir)
Gerstenberg Verlag
Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis, i Spáinnis agus tuilleadh freisin!
Ocht mbilliún duine ina gcónaí le chéile ar phláinéad amháin. A scéal féin ag gach duine acu, scéal
nach bhfuil ag duine ar bith eile. Tábhacht le gach duine. Agus is duine acu sin tusa! Leabhar
neamhghnách comhairimh, a chuimsíonn uimhreacha ó 0 go 8 mbilliún, leabhar cliste cuardaigh
agus aimsigh, puzail, nithe agus scéalta i bhfolach – éireoidh tú sáite ann ar feadh uaireanta an
chloig, ag nochtadh rún atá i bhfolach taobh istigh den leabhar agus tú ag leanúint na scéalta
aonair seo. Tugtar léargas, sna léaráidí ildaite, ar éagsúlacht bheo bhríomhar ilghnéitheach na
ndaoine ar ár bpláinéad.
Am Arsch der Welt und andere spannende Orte
ISBN: 978-3954702640
25 Landkarten für hellwache Kinder
Birk Grüling; Tine Schulz (maisitheoir)
Klett Kinderbuch
Cén áit a dtéann tú chuig an leithreas – agus conas a théann tú ar scoil?
Cad iad na milseáin a itear i dtíortha eile, agus cén áit a mbíonn ar pháistí maireachtáil agus eagla
orthu roimh chogadh?
Cén áit a bhfuil sé torannach, cén áit a bhfuil sé ciúin – agus cén áit a bhfuil sé contúirteach?
Cad iad na harrachtaí a chuireann isteach ar thíortha eile, agus an ann dóibh oú? Agus cén áit ar
domhan a bhfuil fíorbhanríonacha ann go fóill?
Turas thart ar an domhan do pháistí a bhfuil samhlaíocht gan teorainn acu.
21