Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 22
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I nGEARMÁINIS
Komm, wir entdecken ein Insekt!
ISBN: 978-3423764438
Den Krabbeltieren auf der Spur
Roberta Gibson, Susanne Schmidt-Wussow (aistritheoir); Anne Lambelet (maisitheoir)
dtv Verlagsgesellschaft mbH & Co. KG
Ar fáil i mBéarla, agus i Sínis freisin
Léigh, cruthaigh agus bíodh iontas ort – Feithidí!
Is feithidí iad thart ar dhá thrian de na 1.2 milliún speiceas ainmhithe aithnide – ach an bhfuil eolas
againn orthu i ndáiríre? Conas a chloiseann, a fheiceann agus a mhothaíonn feithidí? Conas a
dhéanann siad análú? Sa leabhar seo, foghlaimíonn páistí ar bhealach neamhghnách faoi
shaintréithe na bhfeithidí. Cé go bhfuil feithidí éagsúil le chéile, tá go leor i bpáirt acu: cloigeann
amháin, corp, sé chos ... Céim ar chéim, cuirtear an fheithid le chéile, agus léirítear na cosúlachtaí
agus difríochtaí idir iad agus daoine go soiléir. Roimh i bhfad, tá an fheithid curtha le chéile, agus
anois fágtar faoi gach duine é a shocrú an mbeidh feithid s9acu cruinn nó fada, an líon sciathán a
bheidh air agus an dath a bheidh air. Aistear iontach aimsithe i ndomhan iontach na bhfeithidí. Ag
deireadh an lae, nílimid ach ag iarraidh a bhfuil ar eolas againn a chosaint.
Die Welt, die dir gefällt. Ein Mitmachbuch
ISBN: 978-3845830681
Sarah Neuendorf
Ars Edition GmbH
Níl teorainn lenár samhlaíocht. Is féidir linn aon rud a dhéanamh, dul aon áit agus, gan dul aon áit.
Inár samhlaíocht, scríobhaimid scéalta. Spreagann an leabhar pictiúr idirghníomhach seo an
tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht sna páistí is óige oú.
Ar gach dhá leathanach, tá ceist ann don léitheoir, mar shampla, 8Cén áit ar mhaith leat a bheith
anois díreach?9, 8Conas a rachfá ann?9 nó 8Ar mhaith leat go mbeadh peata agat, agus dá mba
mhaith, cé acu ceann?9 Athraíonn na freagraí féideartha, i bhfoirm léaráidí draíochtacha le Sarah
Neuendord, gach uair a fhéachtar ar an leabhar. Gach lá, roghnaíonn an páiste as an nua. Ciallaíonn
sé sin nach dtiocfaidh leadrán orthu chomh tapa céanna as a bheith ag amharc ar an leabhar arís
agus arís eile.
22